Acmhainn Scoile do Dhaonáireamh 2011
Acmhainn Bhunscoile
Acmhainn Meánscoileanna
Fáilte chuig ár leathanach Acmhainne Scoile.
Bunfhoinse eolais do gach duine inár dtír é an daonáireamh. Soláthraíonn sé eolas maidir le cé muid féin, céard a dhéanann muid agus cén chaoi a maireann muid go laethúil. Mar sin bíonn an t-eolas ar fáil a theastaíonn uainn le cinneadh a dhéanamh agus pleanáil don todhchaí. Baineann daoine ar fud na tíre úsáid as an daonáireamh ina measc an rialtas, údaráis áitiúla, gnónna, pobail áitiúla agus daltaí a úsáideann an t-eolas ar réimse leathan cúiseanna. Is féidir breathnú ar na húsáidí a bhaintear as trí chliceáil ar an nasc seo a leanas “Cén fáth é a dhéanamh?”
Eolas ginearálta do dhaltaí agus do mhúinteoirí
Cén suim atá ag daltaí sa daonáireamh?
Baineann an t-eolas a fhaigheann muid ón daonáireamh lenár saol laethúil. Cuireann sé ar fáil dúinn:
- na sonraí a theastaíonn uainn le tuiscint cé muid féin agus céard a dhéanann muid agus
- an cumas leis an eolas a úsáid le heolas a chruthú maidir le céard a theastaíonn uainn agus cén bealach is fearr leis an eolas sin a úsáid leis an toradh is fearr do gach duine a bhaint amach.
Déanann sé cur síos ar an tsochaí ina maireann muid agus tugann sé cúnamh dúinn tuiscint níos fearr a bheith againn ar an tsochaí sin, chomh fada agus a bhaineann sé lenár n-aois, ár mbunús, ár ngníomhaíochtaí nó aon bhunthréithe eile a bhfuil sonraí bailithe fúthu mar chuid den daonáireamh.
Is cuid bhunúsach dár n-oideachas é foghlaim faoin daonáireamh agus conas úsáid éifeachtach a bhaint as sonraí daonáirimh agus staitistiúla eile. Tugann sé cúnamh dúinn ár sochaí a thuiscint chomh maith lenár ról mar shaoránaigh fhreagracha ag glacadh páirte sa tsochaí sin.
B’fhéidir nach dtuigeann tú é, ach mar dhalta, baineann an daonáireamh le roinnt gnéithe éagsúla de na cúrsaí léinn sa bhunscoil agus sa mheánscoil.

Cuidíonn sé linn le roinnt scileanna an-tábhachta a fhoghlaim. Mar shampla foghlaim le sonraí a bhailiú, le hanailís agus tuairiscí a dhéanamh orthu ar bhealach bríoch. Cuidíonn sé sin linn ní hamháin le mata, le scileanna láithritheacha agus tuairisciúla ach le tuiscint a fháil ar na sonraí atá curtha ar fáil dúinn. Tugann sé dúinn na scileanna le ceisteanna a chur leis na firicí a fháil le tacaíocht a thabhairt don tuiscint atá againn ar a bhfuil ag tarlú sa domhan timpeall orainn ar bhealach bríoch. Mar dhaltaí bainfidh sibh úsáid as na scileanna sin ar go leor bealaí in bhur gcuid staidéir amach anseo bíodh agus go mbaineann sin le mata, gnó, eacnamaíocht, stair, tíreolas nó le tionscnaimh eolaíochta a chur i gcrích.
Tá eolas daonáirimh ar fáil d’Éirinn ina hiomlán nó de réir ceantair, dár gcathracha, de réir contae, toghranna agus don chéad uair sa bhliain 2011 de réir ceantair bhig. Tugann sé seo deis dúinn breathnú ar na torthaí agus comparáid a dhéanamh idir cheantair éagsúla geografacha bíodh agus gur comparáid atá á dhéanamh againn d’Éirinn ina hiomlán lenár gceantar áitiúil féin nó ár gceantar áitiúil féin le ceantair taobh linn.
Tugann sé cúnamh dúinn freisin an t-am atá caite a thuiscint. Tá go leor tóir ar na sean tuairisceáin daonáirimh ó 1901 agus 1911 ar shuíomh idirlín na Cartlainne Náisiúnta i measc na nÉireannach ar fud an domhain a bhfuil suim acu foghlaim faoina sinsearaigh agus faoin mbealach ar mhair muid mar náisiún ag tús an chéid seo caite. Tá deiseanna síoraí curtha ar fáil ag na tuairisceáin seo dúinn le staidéar agus anailís a dhéanamh ar an am atá caite, le breathnú ar fhorbairt ár sochaí ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil thar am, le breathnú ar threochtaí agus le meas a bheith againn ar an am atá thart. Smaoinigh, beidh na foirmeacha daonáirimh a chomhlánann muid sa bhliain 2011, cé nach mbeidh fáil orthu go dtí an bhliain 2112 faoin riail rúndachta 100 bliain, in ann muid a thaispeáint mar atáimid sa bhliain 2011 agus in ann deis a thabhairt dár sliochtaigh aithne níos fearr a chur orainn agus feiceáil cén t-athrú a thagann ar rudaí san aonú aois is fiche.
Is foinse thábhachtach freisin é an daonáireamh ár ndóigh de shonraí soch-eacnamaíocha agus soláthraíonn sé an bunús don anailís ar chuid mhaith sonraí staitistiúla soch-eacnamaíocha eile a fheiceann muid agus a úsáideann muid inár saol laethúil. Beidh na scileanna a fhoghlaimíonn daltaí ó staidéar agus anailís a dhéanamh ar an daonáireamh ábhartha ina staidéar ar chúrsaí eacnamaíocha agus gnó chomh maith le heolas úsáideach a sholáthar dá dtaighde ar roinnt gnéithe de na hábhair staidéir sin agus in aon chinneadh a dhéanann siad dá ngairm bheatha amach anseo.
Tá sonraí an daonáirimh ar fáil do gach duine le n-úsáid. Beidh torthaí Dhaonáirimh 2011 foilsithe ar líne ar shuíomh idirlín na POS ag http://www.cso.ie/gaeilge/census/, áit a mbeidh fáil freisin agat ar shonraí idirghníomhacha ó na daonáirimh a tógadh sna blianta 2006, 2002 agus 1996. Is féidir na sonraí seo ar fad a chuardach agus níl aon táille le n-íoc chun úsáid a bhaint astu.
Acmhainn Bhunscoile
Múinteoirí bunscoile a rinne an tsraith cheachtanna atá ábhar-bunaithe a dhearadh do ranganna a haon go sé le cúnamh a thabhairt do pháistí tuiscint céard é an daonáireamh agus le foghlaim cén fáth agus cén chaoi a dtógtar daonáireamh.
Tá forbairt déanta ar gach ceacht go sonrach le prionsabail Churaclam na Bunscoile curtha san áireamh.
Múinteoirí atá ag feidhmiú faoi láthair sa seomra ranga agus iad siúd atá ag plé le forbairt an churaclaim a dhearaigh an acmhainn cheachta agus tá na ceachtanna curtha i bhfeidhm ar bhonn píolótach sa seomra ranga.
Sna Pacáistí Ceachtanna Daonáirimh tá:
- Nótaí cuimsitheacha don mhúinteoir agus pleananna ceachta
- Eolas Daonáirimh
- •Luaschártaí/Cártaí eolais don daonáireamh
- Foirmeacha Samplacha Daonáirimh
- Smaointe don Chomhtháthú
- Tascanna measúnaithe
- Naisc Bhaile/Scoile
- Gníomhaíochtaí Breise
Déan an achmainn agus ábhar don rang/grúpa a theastaíonn uait a íoslódáil thíos:
Acmhainn Cheachta do Ranganna a hAon agus a Dó:
Ceacht Forbhreathnú
Ceacht a 1
Ceacht a 2
Ceacht a 3
Ceacht a 4
Acmhainn Cheachta do Ranganna a Trí agus a Ceathair:
Ceacht Forbhreathnú
Ceacht a 1
Ceacht a 2
Ceacht a 3
Ceacht a 4
Acmhainn Cheachta do Ranganna a Cúig agus a Sé:
Ceacht Forbhreathnú
Ceacht a 1
Ceacht a 2
Ceacht a 3
Ceacht a 4
Acmhainn Mheánscoile
Tá acmhainn curtha le chéile le n-úsáid sna hábhair seo a leanas ag an dara leibhéal:
Acmhainn Staire
San áireamh le seo, tá sraith de hacmhainní Staire atá forbartha ag muinteoirí meanscoile agus atá dírithe ar mhuinteoirí agus mic léinn Staire ag leibhéal sóiséarach agus sinsearach. Úsáidtear sean taiféid daonáirimh agus an t-eolas atá iontu. Cruthaíodh na hacmhainní seo ionas go mbeidh mic léinn ag na leibhéil seo a leanas in ann iad a úsáid:
- An tSraith Shóisearach: Úsáid a bhaint as daonáireamh 1901 agus 1911. Tá an acmhainn seo dírithe ar ghrúpaí ó bhliain a haon agus bliain a trí. Is féidir le mic léinn tairbhe a bhaint as úsáid ábháir daonáirimh ar dhá bhealaí. Sa chéad bhliain, baintear úsáid as saothar an staraí, agus ba chóir go mbeidh sé easca ar mhic léinn úsáid a bhaint as. Sa tríú bhliain, is féidir an ábhair daonáirimh a úsáid chun athrú stíleanna bheath in Éirinn ó 1900 a léiriú. Tá na haonaid singil ar na tuairisceáin daonáirimh ó 1901 agus 1911 do mhuintir Thomas Bateman (Baile Átha Cliath), agus ar an tuairisceán ó 1901 do mhuintir Mary Anne Collins (Contae Chorcaí) óiriúnach do mhic léinn i mbliain a haon nó bliain a trí.
- An Idirbhliain: Úsáid a bhaint as daonáirimh 1901 agus 1911. Is féidir le mic léinn tabhairt faoi mionscrúdú a dhéanamh ar na hábháir daonáirimh, sula ndéantar tionscadal pearsanta bunaithe ar daonáirimh 1901 agus 1911 ina hiomlán nó ar chuid de. Tá an rannóg ar Fianaise agus Fiosrúchán: Ag úsáid an daonáireamh 1901 agus 1911 sa ranga staire úsáideach ina hiomlán nó ag úsáid chuid de do dhaltaí na hidirbhliana. Baintear úsáid as sraith cleachtanna bunaithe ar thorthaí an daonáirimh a thógtar i nDún Luáin, Contae Chill Mhaintáin.
- An Ardteist: Tá deis ag mic léinn úsáid a bhaint as ábháir daonáirimh ó 1901 agus 1911 don tuarascáil ar staideár taighde. Is féidir le mic léinn a dtuarascáil staidéir a bhúnú ar ábhair 1901 agus 1911. Tugtar comhairle ar conas dul ar aghaidh a dhéanamh ar thuarascáil ar staideár taighde ag baint úsáid as ábhair daonáirimh, agus tugtar roinnt eiseamláirí ar an slí inar féidir fianaise ón daonáireamh a úsáid i cur i láthair an “aiste fada, an daonáireamh 1901 san áireamh.
An Acmhainn Staire a Íoslódáil (as Béarla):
Using the 1901 and 1911 Census (Main File)
Using the 1901 and 1911 Census (The Collins Family in 1901)
Using the 1901 and 1911 Census (The Bateman Family in 1901)
Using the 1901 and 1911 Census (The Bateman Family in 1911)
Using the 1901 and 1911 Census (Images)
Using the 1901 and 1911 Census (Leaving Certificate - 1)
Using the 1901 and 1911 Census (Leaving Certificate - 2 - Dunlavin)
Using the 1901 and 1911 Census (Dunlavin Exercises)
Acmhainn don Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil
Scríobhadh an modúl seo le cur ar chumas daltaí agus múinteoirí den Oideachas Saoránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP) breathnú ar úsáid an Daonáirimh go ginearálta agus le haird a dhíriú ar Dhaonáireamh 2011, go háirid, i scoileanna. Díríonn sé ar choincheap na forbartha agus cén chaoi a gcuireann eolas daonáirimh ar chumas na n-údarás áitiúil agus an rialtais láir forbairtí don todhchaí a phleanáil. Tá Tionscnamh Gnímh san áireamh freisin – is féidir le daltaí a nDaonáireamh féin a chur i gcrích sa Rang/Bliain agus na torthaí a chur ar fáil.
Tá sé mar aidhm ag an acmhainn:
- Aird a dhíriú ar Dhaonáireamh 2011.
- Cuir ar chumas na ndaltaí Daonáireamh a thuiscint.
- Taispeáint do dhaltaí cén chaoi a mbaintear úsáid as eolas Daonáirimh.
- Páirt a ghlacadh i dTionscnamh Gníomh Daonáirimh. Fad: 6 - 10 rang
- An Acmhainn OSSP a Íoslódáil
Acmhainn Tíreolais
Tá forbairt déanta ar an ábhar seo le cur ar chumas daltaí agus múinteoirí tíreolais breathnú ar úsáid an Daonáirimh i gcomhthéacs an chúrsa léinn don tíreolas. Tá léargas ginearálta tugtha sa chéad cheacht ar an daonáireamh agus cuireann sé an dalta ar an eolas maidir le mapáil i gcomhthéacs an daonáirimh. Tabharfaidh na ceachtanna treoir do na daltaí le torthaí an daonáirimh a scrúdú i gcomhthéacs anailíse a dhéanamh ar shonraí do cheantair éagsúla geografacha, ag baint úsáide as an uirlis mhapála SAPMAP atá ar fáil ar leathanach foilseachán daonáirimh na POS le hanailís a dhéanamh ar thorthaí daonáirimh go geografach de réir na gceantar beag.
An Acmhainn Tíreolais a Íoslódáil (as Béarla):
Teacher resource handout
Student Activities
The Census - student handout
Graph Paper
Tá súil againn go mbaineann tú sásamh as na ceachtanna seo le do dhaltaí.