Tá tionchar ag Daonáireamh 2011 ar gach duine in Éirinn agus mar chuid den ullmhúchán don daonáireamh tá gach iarracht réasúnta déanta againn le cinntiú go mbeidh fáil ag gach duine air. Táimid ag iarraidh a bheith cinnte gur féidir le gach duine páirt a ghlacadh ann, ag an am céanna meas a bheith againn ar a gceart don rúndacht agus comhionannas deiseanna.
Tá na socruithe seo a leanas curtha i gcrích againn le cúnamh a thabhairt duit má fhulaingíonn tú ó aon cheann de na riochtaí seo a leanas a chuireann isteach ar do chumas rochtana ar an Daonáireamh.
Radharc
Beidh rogha ábhar ar fáil uainn atá forbartha agus curtha le chéile le cúnamh ó Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill (NCBI). Beidh tú in ann:
Ceistiúchán i gCló Mór samplach as Béarla i bhformáid PDF a íoslódáil. Beidh an leagan íoslódaithe agat mar threoir amháin agus ní féidir úsáid a bhaint as le do thuairisceán daonáirimh a chomhlánú
closleagan i bhformáid MP3 as Béarla a íoslódáil le n-éisteacht leis an gceistiúchán ar líne:
01 Track 01.mp3
02 Track 02.mp3
03 Track 03.mp3
04 Track 04.mp3
05 Track 05.mp3
06 Track 06.mp3
Leagan Braille den fhoirm a iarraidh ó dheasc chabhrach an Daonáirimh.
Closleagan den fhoirm a iarraidh ar théip nó dlúthdhiosca as Béarla ó dheasc chabhrach an Daonáirimh.
Éisteacht
Má tá lagú éisteachta agat agus má theastaíonn cúnamh uait le cumarsáid a dhéanamh le d’áiritheoir daonáirimh, inis le do thoil don áiritheoir é nuair a thagann sé/sí chugat nó déan teagmháil le deasca chabhrach an daonáirimh.
Litearthacht
Má tá disléicse ort nó aon fhadhbanna eile litearthachta is féidir leat:
Cóip den “Treoir Chéim ar Chéim le Foirm Dhaonáirimh a Chomhlánú” as Béarla a léamh/íoslódáil atá curtha le chéile le cúnamh ón Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta do Aosaigh agus a thugann cúnamh mion maidir le gach ceist a fhreagairt.
Ár leathanaigh idirlín a dhéanamh níos simplí le léamh ag baint úsáide as na roghanna rochtana ag barr an leathanaigh le méid an chló a mhéadú
closleagan i bhformáid MP3 as Béarla a íoslódáil le n-éisteacht leis an gceistiúchán ar líne
closleagan den fhoirm a iarraidh ar théip nó dlúthdhiosca as Béarla ó dheasc chabhrach an Daonáirimh nó ó d’áiritheoir .
Ceistiúchán i gCló Mór samplach as Béarla i bhformáid PDF a íoslódáil. Beidh an leagan íoslódaithe agat mar threoir amháin agus ní féidir úsáid a bhaint as le do thuairisceán daonáirimh a chomhlánú.
Teanga
Beidh ceistiúchán Daonáirimh 2011 ar fáil i mBéarla nó i nGaeilge agus is féidir leat an daonáireamh a chomhlánú ar aon cheann de na foirmeacha seo.
Má tá teanga eile agat seachas Béarla nó Gaeilge mar chéad nó príomh theanga is féidir leat:
Eolas ginearálta a léamh maidir leis an daonáireamh in aon teanga agus fiche difriúil ar ár leathanach Teangacha Iasachta
Aistriúchán ar fhoirm an daonáirimh a íoslódáil nó a iarraidh in aon cheann de 21 teanga. Tabhair faoi deara le do thoil gur mar eolas agus mar threoir amháin duit atá na haistriúcháin seo agus nach féidir úsáid a bhaint astu le do thuairisceán daonáirimh a chomhlánú. Ba cheart do gach duine leagan den fhoirm dhaonáirimh a chomhlánú i mBéarla nó i nGaeilge.
Bileog eolais a íoslódáil in aon teanga agus fiche difriúil
Aistriúchán ar an bhfoirm dhaonáirimh nó cúnamh/comhairle breise a iarraidh tríd deasc chabhrach.
Is féidir leat cliceáil anseo freisin le “Treoir Chéim ar Chéim le Foirm Dhaonáirimh a Chomhlánú” i mBéarla a léamh/íoslódáil.
Tuilleadh Eolais
Má tá tú éiginnte nó má tá deacracht agat le ceistiúchán an daonáirimh a chomhlánú beidh go leor bealaí ann le cúnamh a fháil. Is féidir leat
Teagmháil a dhéanamh linn
cúnamh a iarraidh ar d’áiritheoir daonáirimh nuair a thagann sé/sí leis an bhfoirm dhaonáirimh a dháileadh nó a bhailiú.