Tuairisceáin Suaitheanta Daonáirimh ó 1901 agus 1911

Tuairisceáin Suaitheanta Daonáirimh ó 1901 agus 1911


Is acmhainn luachmhar iad na tuairisceáin Daonáirimh ó 1901 agus 1911, atá ar fáil ar líne ar shuíomh idirlín atá ag an gCartlann Náisiúnta. Tugann siad deis d’Éireannaigh is cuma cá bhfuileadar ar domhan breathnú siar inár stair, ar mhaithe lena muintir féin a aimsiú nó le blasadh a fháil de stair na hÉireann.

Cá bhfios, b’fhéidir go mbeidh ár sleachta ag breathnú ar ár bhfoirmeacha Daonáirimh i gceann na gcéadta bliain le hiarracht a dhéanamh níos mó a fháil amach fúinn.

Breathnaigh ar na foirmeacha daonáirimh thíos (As Béarla) le rogha a fháil de thuairisceáin spéisiúla Daonáirimh ó 1901 agus 1911 agus feidfidh tú cuid de na hÉireannaigh cháiliúla anois a bhí san áireamh i nDaonáireamh 1901 nó 1911 nó sa dá cheann!

Francis Bacon

San áireamh i dtuairisceán 1911 don teaghlach Bacon ag 3 Cúirt Uí Chionnaith, Inse Brisleáin, Co. Chill Dara, bhí Francis a bhí bliain d’aois, fear a raibh tóir mhór air mar ealaíontóir sa thréimhse tar éis an chogaidh. Íocadh an praghas ba mhó ariamh do phíosa ealaíne tar éis an chogaidh ar a shaothar Triptych 1976 a díoladh ag ceant.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002575018/

Norah Barnacle

Tuairisceán do Norah Barnacle, a phós Séamus Seoighe, a bhí ina cónaí lena teaghlach ag Bóthar Shandair i gCathair na Gaillimhe sa bhliain 1901, in aois 18 agus a bhí ag obair i neachtlann. Trí bliana níos déanaí casadh Seoighe uirthi agus cruthaíodh an lá neamhbhásmhar sa leabhar Ulysses, 16 Meitheamh, 1904.
1901 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000807914/

Samuel Beckett

Tá Samuel Barclay 4 bliana d’aois san áireamh ar an tuairisceán do theaghlach Beckett i gCill Tí Céire, An Baile Breac, Co. Átha Cliath, duine a d’fhás suas le saothrú mar scríbhneoir, drámadóir agus file. Bhí cáil forleathan air mar dhuine de na scríbhneoirí ba mhó tionchar den 20ú aois agus bronnadh an Duais Nobel don Litríocht air sa bhliain 1969.
http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000237172/

Mícheál Ó Coileáin

Tuairisceán do Mhícheál Ó Coileáin, buachaill scoile 10 mbliana d’aois a bhí ina chónaí i nDoire Luain, Cúil Chraithín, Corcaigh. Faoin mbliain 1911, bhí cónaí i Londain air. Tugadh “an Fear Mór” ar Ó Coileáin a bhí ina cheannaire Reabhlóide, ina bhall den Chéad Dáil, ina Chathaoirleach ar rialtas sealadach na hÉireann agus ina ardcheannasaí ar arm an rialtais sealadaigh. Ar an 22 Lúnasa 1922, maraíodh Mícheál Ó Coileáin i luíochán i mBéal na Bláth.
1901 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000600805/

Séamus Ó Conghaile

Taispeánann tuairisceán 1901 Séamus Ó Conghaile, ceannaire sóisialach Éireannach agus duine den seachtar a shínigh Forógra 1916, ag maireachtáil i dteach ar Ché na gCeannaithe, Baile Átha Cliath. Faoin mbliain 1911 bhí an teaghlach ina chónaí ag 70 Bóthar na Lotaí, Baile Átha Cliath. Go spéisiúil deir sé gur rugadh é i gCo. Mhuineacháin, cé gur ceapadh go forleathan gur i nDún Éideann, Albain a rugadh é, mac le heisimircigh as Co. Mhuineacháin.
1901 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003715871/
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000119513/

Éamon De Valera

Ar an tuairisceán coláiste agus scoile cónaithe ag seoladh i mBaile Liam, An Charraig Dhubh, Co Átha Cliath tá Edward De Valera 18 bliana d’aois liostaithe. Rugadh é George De Valero i Nua Eabhrach sa bhliain 1882, tháinig sé chun cónaithe in Éirinn in éineacht lena uncail nuair a bhí sé dhá bhliain d’aois tar éis dá athair bás a fháil. Thóg teaghlach a mháthar é i gCo Luimní. Sa bhliain 1901 ba mhac léinn a bhí ann i gColáiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath. Faoin mbliain 1911 bhí sé pósta agus ina chónaí lena bhean Sinéad agus a mac Vivien i 33 Ardán Morehamptom, Baile Átha Cliath. Ceannaire a bhí ann in Éirí Amach 1916, bhunaigh sé níos déanaí Fianna Fáil agus bhí saol fada sa pholaitíocht aige, ina Thaoiseach (1932-48, 1951-54 agus 1957-59) agus mar Uachtarán na hÉireann (1959-1973).
1901  http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003735932/
1911
http://www.census.nationalarchives.ie/pages/1911/Dublin/Pembroke_West/Morehampton_Terrace/11618/

Sinéad De Valera

San áireamh sa thuairisceán do theaghlach Uí Fhlannagáin ag 6 Iostáin Richmond, Muinseo, Baile Átha Cliath, bhí Jane, múinteoir bunscoile 22 bliana d’aois. D’athraigh Jane Ní Fhlannagáin a hainm go Gaeilge, Sinéad, agus casadh Éamon De Valera uirthi, an fear a phós sí i mí Eanáir 1910, nuair a bhí sí ag múineadh Gaeilge le Conradh na Gaeilge. I dtuairisceán 1911 feicimid go raibh an teaghlach ina chónaí i 33 Ardán Morehampton, Baile Átha Cliath. Tá aithne forleathan ar Shinéad de Valera inti féin mar údar ar Fhinscéalta na hÉireann do pháistí i nGaeilge agus i mBéarla.
1901 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003748020/
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/pages/1911/Dublin/Pembroke_West/Morehampton_Terrace/11618/

An Bhantiarna Gregory

Tuairisceán don Bhantiarna Augusta Gregory, a bhí ag fanacht in Óstán Nolan i Sráid Fhreidric Theas sa bhliain 1911, agus WB Yeats ina comhluadar. Bhí sí mar dhuine de na daoine a bhunaigh Amharclann na Mainistreach agus ina fíor bhéaloideasóir agus scríbhneoir.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000209724/

Oliver St.John Gogarty

Tuairisceán do Oliver St.John Gogarty don bhliain 1911, nuair a tharraing sé cáil air féin mar gheall go ndearna sé dearmad go raibh sé pósta. Máinlia agus scríbhneoir a bhí ann agus mar inspioráid do Buck Mulligan i Ulysses le Séamus Seoighe.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000207937/

Rosie Hackett

Tuairisceán do Rosanna (Rosie) Hackett, a bhí ina cónaí lena teaghlach i Sráid na Mainistreach, i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ina ceannaire ar na hoibrithe ban i monarcha brioscaí Jacob a chuaigh ar stailc sa bhliain 1913, bhí ról lárnach aici i gCeardchumann Oibrithe Ban na hÉireann, agus phriontáil sí Forógra 1916 i Halla na Saoirse.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000068339/

Neachtlann Magdalen An Pháirc Ard

Tuairisceán do Neachtlann Magdalen An Pháirc Ard i nDroim Conrach, a thug sonraí maidir le cuid den 160 bean a raibh cónaí orthu ann sa bhliain 1901.
1901 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003677847/

Dr. Dubhglas de hÍde    

Feictear ó thuairisceán 1901 go raibh Dubhglas de hÍde agus a theaghlach ina gcónaí i Ráth an tSratha, Dún Gar. Scoláire Gaeilge a bhí ann agus d’fhoilsigh sé líon mór filíochta Gaeilge faoin ainm cleite "An Craoibhín Aoibhinn" agus bhí sé mar dhuine de na daoine a bhunaigh Conradh na Gaeilge. Ina dhiaidh sin bhí sé ina Sheanadóir agus mar chéad Uachtarán na hÉireann ó 1938-1945. Tabhair faoi deara go raibh tuairisceán an Dr. de hÍde don bhliain 1911, faoin am sin bhí cónaí air ag uimhir 1 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath, comhlánaithe i nGaeilge.
1901 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003919350
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000186386/

Séamus Seoighe

San áireamh sa thuairisceán do theaghlach Seoighe a raibh cónaí orthu san Ardán Ríoga, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, bhí an mac léinn Séamus Augustine 9 mbliana déag d’aois. Úrscéalaí agus file a bhí ann níos déanaí agus bhain sé cáil amach mar údar Ulysses agus is féidir a rá gur duine é de na scríbhneoirí ba mhó ag tús na fichiú aoise.  
1901 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003676758/ 

Pádraig Caomhánach

San áireamh sa thuairisceán don teaghlach Caomhánach i Mucair, Na Coillte Beaga, Co. Muineachán bhí Pádraig, 7 mbliana d’aois, a bhí ina fhile agus úrscéalaí níos déanaí. Tabharfaidh daoine a bhfuil cion acu ar úrscéal dírbheatháisnéise an Chaomhánaigh, The Green Fool, faoi deara gur gréasaí a bhí ina athair agus go raibh gréasaí giúrnálaí i láthair sa theaghlach oíche an daonáirimh 1911.
1911  http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003103862/

Dr. Kathleen Lynn

Tuairisceán don Dochtúir Kathleen Lynn, dochtúir, ball de hArm Cathartha na hÉireann agus bunaitheoir níos déanaí d’Ospidéal na Leanaí Naomh Ultan.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000135034/

Dorothy Macardle, údar The Irish Republic

Tuairisceán do Dorothy Macardle, údar The Irish Republic, an chéad stair den tréimhse réabhlóideach, ina cónaí ar Shráid Wellington, Baile Átha Cliath. Tabhair faoi deara go ndiúltaíonn sí eolas a thabhairt maidir lena creideamh. Chaill sí an meas a bhí aici ar a laoch De Valera agus í níos sine.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000118339/

Alice Milligan

Tuairisceán d’Alice Milligan, ina cónaí ar Shráid Clifton i mBéal Feirste. File agus údár líon mór oibreacha próis a bhí inti agus tá mór thaispeántas dá cuid ag an Leabharlann Náisiúnta.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002287393/

Seaghan Ó Cathasaigh

Tuairisceán do Sheaghan Ó Cathasaigh sa bhliain 1911. Bhí baint ag Ó Cathasaigh le hArm Cathartha na hÉireann, le Conradh na Gaeilge, (tuairisceán déanta i nGaeilge aige) agus le gluaiseacht na gceardchumann. Bhí cónaí air ar Bhóthar Obar Chúirnidh, An Port Thoir lena mháthair Susan agus a dheartháir Michael.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000044781/

Edith Somerville agus Violet Martin (Somerville agus Ross)

Tuairisceán d’Edith Somerville agus Violet Martin, a raibh cónaí i nDriseán i gCorcaigh Theas orthu sa bhliain 1911. Scríobh na mná seo ag baint úsáide as na hainmneacha cleite Somerville agus Ross. Bhí an-tóir ar a gcuid scéalta  Irish RM.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002022267/

Pádraig Mac Piarais

Tuairisceán do Phádraig Anraí Mac Piarais a raibh cónaí air ag 363 Ascaill Dhumhach Thrá i mBaile Átha Cliath, 21 bliain d’aois ina mhac léinn dlí. Ina dhiaidh sin b’abhcóide a bhí ann chomh maith le múinteoir Gaeilge, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus shínigh sé forógra 1916 agus ba dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca a bhí ann. Cuireadh chun báis é in éineacht lena dheartháir Willie agus ceannairí eile Éirí Amach 1916.
1901 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003696676/

Peig Sayers

Tuairisceán do Mhairéad Uí Ghaoithín (Peig Sayers), a raibh cónaí uirthi ar an mBlascaod Mór in éineacht lena fear chéile, a dheartháir agus seisear dá gclann a bhí fós beo as deichniúr leanaí a saolaíodh dí. Bhain sí clú amach mar údar ar a dírbheathaisnéis, Peig, a bhí ina ábhar staidéir ag na glúnta de dhaltaí Éireannacha.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002480479/

An Teach Leasríoga

Tuairisceán don Teach Leasríoga (Áras an Uachtaráin anois) i 1911. B’é an Tiarna Aberdeen a bhí ina Fhear Ionaid an Rí. Feimineach iomráiteach a bhí ina bhean, Ishbel Maria Gordon, agus bhunaigh sí Cumann Sláinte Náisiúnta na mBan in Éirinn, le bheith mar cheannródaithe sa throid i gcoinne na heitinne.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000018774/

Jack B Yeats

Tuairisceán do John (Jack) Butler Yeats, ealaíontóir, ina chónaí ag 13 Ráth an Dúin Íocht., Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. Deartháir le William Butler Yeats agus fíor chara le Samuel Beckett, údar agus ealaíontóir cáiliúil a bhí ann, a raibh clú air as a phéintéireacht de thírdhreach na hÉireann, capaill, sorcas agus imreoirí taistil.
1911  http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai003638503/

W.B Yeats

Tuairisceán do WB Yeats, a bhí ag fanacht in Óstán Nolan Sráid Fhreidric Theas sa bhliain 1911, in éineacht leis an mBantiarna Augusta Gregory. File agus drámadóir, b’é duine de na daoine ba mhó cáil i dtaobh litríocht na 20ú aoise agus bronnadh Duais Nobel air don Litríocht sa bhliain 1923. Bhí sé lárnach in Athbheochan Litríochta na hÉireann agus in éineacht leis an mBantiarna Gregory agus daoine eile bhunaigh sé Amharclann na Mainistreach. Chaith sé dhá théarma i Seanad Éireann.
1911 http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000209724/