Réamhthorthaí ó Dhaonáireamh 2011 foilsithe
Foilsíodh na chéad torthaí ón daonáireamh ar an 30 Meitheamh 2011, díreach 12 seachtain ó lá an daonáirimh, agus taispeánann siad go bhfuil daonra na hÉireann ag fás go láidir, go príomhúil mar gheall ar líon ard na mbreitheanna.
Léiríonn na torthaí go raibh daonra iomlán de 4,581,269 curtha san áireamh oíche an 10 Aibreán, méadú de 8.1% ar dhaonáireamh 2006. Breathnaigh ar na príomhthorthaí anseo (as Béarla).
Taispeánann na torthaí athruithe daonra do cheantair gheografacha ina measc contaetha, dáilcheantair síos chomh fada le toghranna. Tá an t-eolas ar fáil do 3,440 ceantair agus is féidir teacht ar shonraí maidir le gach ceantar faoi leith ag baint úsáide as táblaí idirghníomhacha ar líne atá ar fáil leis an réamhthuairisc ar shuíomh idirlín na POS.
Tá na réamhthorthaí seo bunaithe ar an gcomhaireamh achoimre do gach ceantar áirimh a chuir na 4,854 áiritheoirí le chéile agus a cuireadh ar ais chuig an bPOS roimh na foirmeacha daonáirimh.
Faoi láthair níl ar fáil ach iomláin an chomhaireamh cinn do fhireannaigh agus do bhaineannaigh. Tá tús curtha leis an scanáil agus leis an bpróiseáil ar an dá mhilliún foirm dhaonáirimh agus beidh na chéad torthaí cinntitheacha ar fáil i mí an Mhárta seo chugainn, taobh istigh de bhliain ó lá an daonáirimh. Is féidir cur síos iomlán a fháil ar na heisiúintí atá beartaithe againn anseo.
Cliceáil anseo le breathnú agus le híoslódáil a dhéanamh ar Réamhthorthaí ó Dhaonáireamh 2011.
Cad a tharlaíonn anois?
Míle buíochas as ucht do pháirt a ghlacadh i nDaonáireamh 2011.
Tá thart ar 1.7 milliúin foirmeacha Daonáirimh comhlíonaithe á sheachadadh ar ais chuig ceanncheathrú an Daonáirimh i Sord, Co. Átha Cliath, áit a bhfuil an obair próiseála ar siúl faoi láthair.
Cuirtear an réamh tuarascáil daonra le chéile leis na céad torthaí ón nDaonáireamh agus foilsítear é seo i mí Iúil. San áireamh sa tuarascáil seo beidh an daonra iomlán fir agus mná i ngach toghroinn agus beidh sé bunaithe ar sonraí achoimre a thóg na hÁiritheoirí ón gcéad leathanach den fhoirm daonáireamh.
Foilsítear na torthaí doanra deifnídeach, atá bunaithe ar an na bhfoirmeacha scanta agus próiseáilte idir mí Márta agus mí na Nollag 2012.
Beidh torthaí Daonáireamh 2011 ar fáil i mbealaí difriúla a bheidh úsáideach do chách. Foilsítear na príomh torthaí trí eisiúint daonáirimh de réir téama agus trí táblaí idirghníomhacha ar suíomh gréasáin an CSO. Is féidir cur síos iomlán ar ár n-aschuir phleanáilte a fháil anseo.
Míle buíochas arís as ucht do pháirt a ghlacadh!