Ceisteanna Nua i nDaonáireamh 2011

Ceist 15. Teangacha eile a labhraítear

Tá an cheist seo ann le fáil amach cé na teangacha eile a labhraítear sa bhaile agus leibhéal an chumais i labhairt an Bhéarla ina measc siúd a labhraíonn teangacha seachas Béarla nó Gaeilge sa bhaile.

Tabharfaidh an cheist seo sonraí maidir leis na teangacha seachas Béarla nó Gaeilge a labhraítear i dteaghlaigh.

Cuirfidh sí eolas ar fáil freisin maidir le líofacht an Bhéarla i measc daoine a labhraíonn teanga seachas Béarla mar theanga dhúchais. Is féidir an t-eolas seo a úsáid le hacmhainní stáit a dhíriú i dtreo oideachais agus sláinte mar shampla le tacaíocht a thabhairt do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu b’fhéidir le Béarla a labhairt.

Ceist 18. Sláinte Ghinearálta

Sa cheist seo iarrtar ar gach duine cén chaoi a bhfuil a s(h)láinte go ginearálta. Léiríonn staidéir naisc láidre idir an chaoi a cheapann daoine atá a sláinte agus an sláinte atá acu i ndáiríre. Cuirfidh na freagraí don cheist seo léargas de shláinte na ndaoine ar fud na tíre ar fáil agus cén ceangal atá aige le ceisteanna éagsúla, mar shampla aois &rl.

Tá fianaise ann go bhfuil na sonraí a bhailítear ón gceist seo comhfhreagrach do leibhéil chúraim sláinte sa todhchaí. Is ceist í seo a bhaintear úsáid aisti freisin i dTuaisceart Éireann agus beidh sí ina cúnamh le staitisticí “don oileán iomlán” a chur le chéile mar sin.