Foirm Dhaonáirimh 2011 – Ó Dhearadh go Dáileadh
Ar smaoinigh tú riamh céard atá i gceist le 2 mhilliún cóip de fhoirm an daonáirimh a sholáthar? Tá go leor céimeanna i gceist agus tógann an próiseas iomlán ó dhearadh go dáileadh thart ar bhliain le cur i gcrích.
Ar dtús.......
Roimh Dhaonáireamh 2011, thug an POS faoi chomhairle poiblí a lorg ar ábhar don fhoirm dhaonáirimh. Mar thoradh ar seo rinneadh ceisteanna nua agus athruithe a thástáil i Suirbhé Píolótach de thuairim 8,000 teaghlach sa bhliain 2009. Tar éis anailíse a dhéanamh ar thorthaí ón suirbhé píolótach roghnaíodh na ceisteanna le cur san áireamh sa bhliain 2011.
Iontas Teicneolaíocht an Eolais (TE) – Ó Word go Corel
Nuair a bhí na ceisteanna roghnaithe b’éigean an leagan amach de fhoirm 2011 a dhearadh. Bhí an leagan amach bunaithe ar fhoirm 2006. Thosaigh sé amach mar cháipéis Word deacair go maith le láimhseáil ach tugadh do na saineolaithe í inár rannóg féin clóchuir agus d’athraigh siad an cháipéis leadránach agus beagainín casta Word ina rud álainn ag baint úsáide as pacáiste deartha Corel X3. Ní bhíonn an spás breise ariamh ar fhoirm Dhaonáirimh agus caitheadh mar sin go leor ama leis an leagan amach ab fhearr a phiocadh le go leor athruithe déanta ar spásáil agus ar shocrú na bhfocal. I ndiaidh an phróisis seo bhí tuairim réasúnta maith againn cén chaoi a mbeadh an Fhoirm Dhaonáirimh. Tugadh ansin í do na clódóirí le hullmhú.
Seiceáil, seiceáil arís agus arís eile
Thosaigh an comhlacht clódóireachta ag ullmhú na foirme do Dhaonáirimh 2011, cuireadh leaganacha leictreonacha éagsúla siar agus aniar le seiceáil roimh an leagan deireanach a cheadú. Rinneadh go leor leasuithe agus mionathruithe le cinntiú go raibh an leagan amach ag dul ar an mbealach ab fhearr le gabháil leictreonach sonraí.
Tá sé ar fad sa dath – doimhneachtaí éagsúla uaine
Bíonn Foirm an Daonáirimh uaine go traidisiúnta. Ach, tá cinnte ar a laghad 40 doimhneacht uaine ann agus ní hionann gach doimhneacht! Rinneadh doimhneachtaí éagsúla agus dlús datha a thástáil le cinntiú go raibh na boscaí le feiceáil agus an téacs inléite. Ó Dhaonáireamh 2002 déantar na foirmeacha ar fad a scanadh agus bíonn na sonraí gafa uathu féin. Mar sin tá sé tábhachtach cinntiú nach mbeadh an dath ag cur isteach ar an scanadh a dhéantar ar an bhfoirm.
Profa fliuch a cheadú
Nuair a bhí ábhar agus dath na foirme cinnte chuir an comhlacht clódóireachta rudaí ar a dtugtar ‘profaí fliucha’ ar fáil. Is leagan críochnaithe den fhoirm atá i gceist anseo roimh tús a chur le rith cló.
Seiceáil Samplach
Roimh tús a chur leis an bpriontáil aontaíodh ar phlean sonraithe caighdeáin phriontála. Nuair a cuireadh tús leis an bpriontáil chuir an comhlacht clódóireachta samplaí chugainn go laethúil ó na spóil a bhí á gcur i gcló. B’éigean iad seo a scrúdú agus deileáil le haon fhadhbanna nó ceisteanna a d’éirigh astu go tapaidh mar bhí an rith cló tosaithe. Rinneadh seiceáil ar an téacs, an leagan amach, na barrachóid agus ar an dath le feiceáil an raibh aon mharcanna nó treallanna ann.
Glacadh le 2 mhilliún foirm sa POS
Is mór an mhaith nár tháinig 2 mhilliún foirm isteach sa stór ag an aon am amháin! Thar tréimhse ama 2 mhí rinneadh 240 pailléid boscaí a sheacadadh nuair a bhíodar críochnaithe ag na clódóirí. Baineadh samplaí de na foirmeacha as gach pailléad len iad a sheiceáil. Tá na foirmeacha ar fad priontáilte ar pháipéar A4 le 12 leathanach clóbhuailte ar an dá thaobh. Glacann gach foirm tuairim 8 n-uair an chloig le dul tríd an monarcha ó thus deireadh ach san am sin bíonn tuairim leath mhilliún leathanach curtha i gcló agus iompaithe ina leabhráin chríochnaithe. Dá mbeadh na foirmeacha ar fad tógtha agus gach leathanach ann féin leagtha amach taobh le taobh bheadh siad in ann 476 páirc peile nó aon trian de imlíne an Domhain a chlúdach. Beagainín ós cionn 300 tona é meachán iomlán na bhfoirmeacha.
As Gaeilge, le do thoil
Cuireadh foirmeacha an Daonáirimh i gcló i nGaeilge freisin, b’éigean an próiseas ar fad a chur i gcrích arís bunaithe ar aistriúchán Gaeilge an téacs.
Foirmeacha an Daonáirimh a chur i gcló
Tá Foirm Theaghlaigh 24 leathanach, Foirm Aonair 4 leathanach agus Foirm Liostaithe 4 leathanach san áireamh i bhfoirmeacha Daonáirimh 2011. Cuireadh na foirmeacha seo i gcló in Éirinn agus i nGaeilge chomh maith le i mBéarla.

Foirmeacha Daonáirimh 2011 á gcur i gcló