Gnáthcheisteanna
Cathain a bhaileofar mo fhoirm daonáirimh comhlánaithe?
Má chuirim mo fhoirm ar ais sa phost an mbeidh m’Áiritheoir fós in ann í a fheiceáil?
Céard é an Daonáireamh?
Cén uair a bheidh an chéad daonáireamh eile ann?
Cén uair a bhí an daonáireamh deireanach ann?
Cén fáth go mbíonn Daonáireamh ann?
Cén úsáid a bhaintear as an daonáireamh?
An gá dom a bheith páirteach ann?
Céard atá le déanamh agam?
Céard a tharlaíonn do mo chuid sonraí?
An mbaintear úsáid as conraitheoirí seachtracha chun mo chuid sonraí a phróiseáil?
Cén fáth go mbíonn m’ainm ag teastáil?
An bhfuil orm mo sonraí teagmháile a thabairt don Áiritheoir?
Cén chaoi a ndéantar mo chuid sonraí a chosaint?
An féidir liom sonraí an daonáirimh a úsáid?
Cén fáth go mbíonn an oiread ceisteanna ann?
Cé a chuireann an Daonáireamh i gcrích?
An féidir foirm an daonáirimh a chomhlánú ar líne?
Cé chomh fada a thógfaidh sé orm an fhoirm a chomhlánú?
Conas a dhéantar airithroirí daonáirimh a earcú?
Cá bhfuil cúnamh ar fáil dom?
Cathain a bhaileofar mo fhoirm daonáirimh comhlánaithe?
Muna raibh do fhoirm bailithe go fóill, cuir ar ais í comhlánaithe ina hiomlán chuig An bPríomh-Oifig Staidrimh, Bosca Poist 2011, SAORPHOST 4726, Sord, Co. Átha Cliath.
Má chuirim mo fhoirm ar ais sa phost an mbeidh m’Áiritheoir fós in ann í a fheiceáil?
Ní bheidh. Rachaidh aon foirm a cuirtear ar ais sa phost díreach go dtí An Phríomh-Oifig Staidrimh, Sord, Co. Átha Cliath.
Céard é an Daonáireamh?
Cuntas de gach duine sa tír Oíche an Daonáirimh é an daonáireamh. Oíche an Daonáirimh, ní mór gach duine sa tír a chur san áireamh ar fhoirm dhaonáirimh agus a bheith mar pháirt de chomhaireamh oifigiúil daoine agus áitreabh cónaithe a tharlaíonn de ghnáth gach cúig bliana in Éirinn. Tá níos mó eolais sa rannóg Maidir le Daonáireamh 2011 den suíomh seo.
Cén uair a bheidh an chéad daonáireamh eile ann?
Beidh an chéad daonáireamh eile ann oíche Dé Domhnaigh 10 Aibreán, 2011 agus déanfar gach duine agus teaghlach sa tír ar an oíche sin a chomhaireamh.
Cén uair a bhí an daonáireamh deireanach ann?
Bhí an daonáireamh deireanach ann oíche Dé Domhnaigh 23 Aibreán 2006. Ar an oíche sin b’éigean gach duine sa Stát a chur san áireamh ar fhoirm dhaonáirimh, ina measc daoine a bhí ag fanacht le cairde nó le gaolta, daoine a bhí in óstán, san ospidéal, i dteach lóistín nó ar bord soithigh mar shampla.
Cén fáth go mbíonn Daonáireamh ann?
Tabharfaidh an daonáireamh dúinn pictiúr cuimsitheach de chúinsí sóisialta agus maireachtála ár ndaoine sa bhliain 2011. Ní féidir ach le daonáireamh sonraí iomlána mar seo a sholáthar. Ní ar mhaithe leis féin atá an daonáireamh! Ach, is uirlisí riachtanacha iad na torthaí ar mhaithe le polasaí, pleanáil agus cinneadh éifeachtach a dhéanamh.
Tá Daonáirimh á dtógáil in Éirinn ó 1821. Tugann sé seo deis dúinn súil a choinneáil ar fhorbairtí thar thréimhse fhada agus a bheith cruinn go maith. Mar sin is cuid bhunúsach dár n-oidhreacht náisiúnta agus eolas comhchoitianta é an daonáireamh.
Cén úsáid a bhaintear as an daonáireamh?
Ag leibhéal náisiúnta tá staitisticí daonra suas chun dáta riachtanach ar mhaithe le pleanáil do sholáthar cúraim sláinte, oideachais, fostaíochta &rl.
Tá figiúirí réigiúnda fíor thábhachtach le polasaí réigiúnda a leagan síos agus le hobair na n-údarás réigiúnda a riaradh (mar shampla, Boird Sláinte).
An rud is tábhachtaí faoin daonáireamh go soláthraíonn sé figiúirí sonraithe daonra ag leibhéal áitiúil. Tugann siad seo cúnamh leis an éileamh gur dóigh a mbeidh ann do scoileanna agus d’áiseanna cúraim sláinte a mheas, chomh maith le ceantair ina bhfuil leibhéil arda dífhostaíochta agus an suíomh is fearr do shiopaí nua a aimsiú, &rl.
Leagann Alt 16.2 de Bhunreacht na hÉireann síos go mbraitheann ballraíocht iomlán Dáil Éireann ar an daonra mar atá sa daonáireamh (i.e. TD amháin do gach 20,000 go 30,000 daoine). Is iondúil go mbíonn athbhreithniú dáilcheantair ann nuair atá na torthaí cinnte ón daonáireamh foilsithe.
Is é an daonáireamh an t-aon bhealach atá againn le figiúirí cruinne a fháil ar an imirce. Is féidir torthaí ó roinnt daonáireamh i ndiaidh a chéile a chur i gcomparáid agus ag cur líon na mbreitheanna agus na mbásanna a tharla sa thréimhse san áireamh, bíonn tomhas cruinn ar fáil dúinn ar imirce ghlan (difríocht idir inimirce agus eisimirce).
An gá dom a bheith páirteach ann?
Is gá. Ní mór gach duine atá sa tír Oíche an Daonáirimh a bheith san áireamh. Is é seo an dlí.
Ach cuimhnigh air, is ar mhaithe le gach duine é a bheith páirteach sa Daonáireamh. Bíonn tú san áireamh i sochaí na hÉireann tríd páirt a ghlacadh sa daonáireamh agus déanann tú cinnte go bhfuil tusa san áireamh i ngach cinneadh a dhéanfar maidir le do thodhchaí. Muna mbíonn tú san áireamh, níl tú le feiceáil agus beidh an t-eolas atá againn maidir le cé muid féin mícheart. Ní bheidh an cinneadh ceart don todhchaí á thógáil mar sin.
Céard atá le déanamh agam?
Dáilfidh d’áiritheoir daonáirimh foirm dhaonáirimh ar d’áit chónaithe sa 3-4 seachtain roimh lá an daonáirimh 10 Aibreán. Ba cheart duit an fhoirm seo a choinneáil in áit shábháilte go dtí lá an daonáirimh. Beidh an t-áiritheoir sásta aon cheisteanna atá agat maidir leis an bhfoirm a fhreagairt.
Lá an daonáirimh ba cheart duit an fhoirm a chomhlánú maidir le gach duine sa teaghlach agus an dearbhú ag an deireadh a shíniú nuair atá an fhoirm comhlánaithe. Coinnigh in áit shábháilte í le do thoil go mbaileófar í.
Tiocfaidh d’áiritheoir ar ais arís sa 2-3 seachtain tar éis lá an daonáirimh le do fhoirm a bhailiú. Beidh siad sásta freisin cúnamh a thabhairt duit má bhíonn aon deacrachtaí agat an fhoirm a chomhlánú. Is féidir leat déanamh cinnte cé hé/hí an t-áiritheoir agus a c(h)árta aitheantais a iarraidh.
Cliceáil anseo leis an bhfoirm dhaonáirimh a fheiceáil, sonraí gach ceann de na ceisteanna agus treoir maidir leis an bhfoirm dhaonáirimh a chomhlánú.
Céard a tharlaíonn do mo chuid sonraí?
Nuair a bhailíonn an t-áiritheoir an fhoirm dhaonáirimh déanann sé/sí achoimre ar na sonraí ar an gcéad leathanach den fhoirm agus cuirtear gach foirm ar ais go sábháilte chuig ceanncheathrú an daonáirimh. Sna míonna ina dhiaidh sin déantar an fhoirm a scanadh agus déantar na sonraí a chur tú ar fáil mar fhreagra ar gach ceist a thaifead agus a seiceáil. Nuair atá taifead déanta de na sonraí ar fad déantar anailís orthu le tuairiscí suntasacha ar réimse leathan staitisticí a sholáthar.
An mbaintear úsáid as conraitheoirí seachtracha chun mo chuid sonraí a phróiseáil?
Is mórghnóthas é an daonáireamh don Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) agus tá conraitheoirí fostaithe chun cúnamh a thabhairt le codanna áirithe den obair. Dámhadh an conradh maidir le soláthar na gcóras TF le haghaidh foirmeacha an daonáirimh a scanadh agus a phróiseáil ar CACI (UK) Ltd don bhliain 2011. Tá ról na cuideachta seo teoranta do chórais TF a chur ar fáil agus próiseálfaidh Oifigigh Staidrimh, arna bhfostú go díreach ag an CSO, na foirmeacha daonáirimh uile. Ní bheidh rochtain ag aon duine eile ar d’fhoirm daonáirimh.
Dámhadh an conradh ar CACI UK Ltd. i ndiaidh comórtais sholáthair oscailte a reáchtáladh faoi dhlí an AE. Is é seo an tríú daonáireamh de chuid na hÉireann lena bhfuil baint ag CACI UK Ltd. tar éis dó oibriú ar dhaonáireamh na bliana 2002 ar dtús agus arís ar dhaonáireamh na bliana 2006. Níor sholáthar CACI UK Ltd. seirbhísí do na hearnálacha cosanta ná faisnéise riamh agus tugann sé faoina obair go heisiatach chun réitigh bhogearraí a sholáthar do na hearnálacha poiblí agus príobháideacha sa Ríocht Aontaithe (RA) den chuid is mó. Dámhadh an conradh do dhaonáireamh na hAlbain orthu freisin don bhliain 2011.
Baineann líomhaintí sna meáin i ndáil le CACI agus mí-úsáid san Iaráic leis an máthairchuideachta Meiriceánach CACI International. Níl baint dá laghad ag an gcuideachta Mheiriceánach seo le daonáireamh na hÉireann . Léiríodh roinnt imní faoi Acht na dTírghráthóirí sna Stáit Aontaithe (SA) agus faoin seans go bhféadfaí sonraí atá i seilbh cuideachta Meiriceánaí a chur ar aghaidh chuig na húdaráis sna SA. Ní bhainfeadh sé sin ach le sonraí a stóráiltear ar chórais atá faoi úinéireacht agus faoi stiúir na cuideachta áfach. Ní bhaineann sé le daonáireamh na hÉireann toisc nach bhfuil rochtain ach ag an CSO ar mhionsonraí an daonáirimh agus ní fhéadfaí, faoi chúinsí ar bith, úsáid a bhaint as Acht na dTírghráthóirí chun iarratas a dhéanamh ar shonraí atá faoi chúram an CSO. Déanfar gach foirm a bhaineann le Daonáireamh 2011 a phróiseáil in oifig dhaonáirimh an CSO in Sord, áit a stórálfar an fhaisnéis uile go slán ar líonra CSO tiomnaithe dúnta, atá faoi úinéireacht iomlán an CSO. Ní dhéanfar cóip d’aon chuid den fhaisnéis seo ná ní bhainfear den líonra í ag am ar bith.
Cén fáth go mbíonn m’ainm ag teastáil?
Tá sé riachtanach d’ainm a thabhairt ar mhaithe le cinntiú go bhfuil gach duine sa teaghlach curtha san áireamh agus le cúnamh a thabhairt don cheann teaghlaigh a bheith cinnte go bhfuil an t-eolas cruinn pearsanta tugtha do gach duine aonair. Cuidíonn an t-ainm freisin le feiceáil go bhfuil foirmeacha ar iarraidh nó ann faoi dhó. Bíonn ainmneacha ina gcúnamh freisin le grúpaí clainne taobh istigh den teaghlach a aithint.
Ach ba cheart duit a thuiscint nach mbíonn ainmneacha atá tugtha ar fhoirmeacha daonáirimh coinnithe mar chuid den eolas ar ríomhaire.
An bhfuil orm mo sonraí teagmháile a thabhairt don Áiritheoir?
Níl ort. Seans go gcuirfidh siad ceist faoi uimhir guthán nó sloinne, ach tá sé seo chun cabhrú le bailiú na foirmeacha Daonáireamh. Faoin Act Straidrimh 1993 agus an tOrdú Staidrimh (Daonáireamh Náisiúnta) 1993, tá ort na ceisteanna ar fad líonadh isteach go hiomlán.
Cén chaoi a ndéantar mo chuid sonraí a chosaint?
Tá an t-eolas ar fad a sholáthraíonn tú ar an bhfoirm dhaonáirimh faoi rún. Tá sé seo ráthaithe ó thaobh dlí.
Tá gach céim shlándála gur féidir tógtha ag an bPOS le cinntiú go bhfuil ár gcórais slán ó chur isteach ón taobh amuigh. Sa chás fíor neamh-dhóchúil go ndéanfaí sárú ar an slándáil ós rud é nach bhfuil ainmneacha agus seoltaí curtha ar an ríomhaire ní féidir aon eolas atá bainteach go díreach le duine aonair nó le teaghlach a fháil.
An féidir liom sonraí an daonáirimh a úsáid?
Is féidir. Foilseófar réamh-shonraí daonra taobh istigh de 3 mhí ó lá an daonáirimh agus thar 18 mí ina dhiaidh sin beidh réimse cuimsitheach staitisticí curtha ar fáil a bhaineann leis na hábhair a bhfuil sonraí daonáirimh bailithe orthu.
Chomh maith beidh sonraí sonracha daonáirimh ar fáil le feiceáil agus le híoslódáil ó shuíomh na POS agus is féidir le duine ar bith iad a úsáid saor in aisce. Beidh siad ar fáil:
- Maidir le réimse ábhar éagsúil clúdaithe ag na ceisteanna
- Le hanailís déanta orthu de réir critéar bríoch mar shampla, aois, gnéas &rl, le comparáidí le daonáirimh roimhe seo
- Do cheantair gheografacha éagsúla – d’Éire ina hiomlán, de réir réigiúin, contae, Toghroinn Dúiche síos chuig leibhéal an cheantair bhig.
Cén fáth go mbíonn an oiread ceisteanna ann?
Tá ceisteanna i ngach daonáireamh a bhaineann le bunábhair dhéimeagrafacha agus sóisialta, mar shampla aois, gnéas, stádas pósta, oideachas, stádas fostaíochta agus gairm bheatha. Deis faoi leith é an daonáireamh le heolas luachmhar a bhailiú agus déanann an POS iarracht cothromaíocht chuí a fháil idir an gá le heolas a bhailiú agus an t-ualach ar fhreagróirí a laghdú. Tá ceisteanna ar fhoirm an teaghlaigh a bhaineann le tréithe an teaghlaigh agus le daoine aonair. Cuireann na freagraí ar na ceisteanna a bhaineann le tréithe an teaghlaigh eolas tábhachtach ar fáil ar chaighdeán ár stoc tithíochta.
Cé a chuireann an Daonáireamh i gcrích?
An Phríomh-Oifig Staidrimh (POS) a chuireann an daonáireamh i gcrích agus fostaíonn sí foireann cheantair shealadach de bheagnach 5,500 daoine leis an daonáireamh a chur i gcrích ag leibhéal áitiúil agus réigiúnda. Dáileann 5,000 áiritheoirí daonáirimh foirmeacha daonáirimh ar gach teaghlach agus gach áitreabh comhchoiteann (mar shampla óstáin) agus bailíonn siad freisin na foirmeacha daonáirimh chomhlánaithe. Bíonn cárta aitheantais á iompar ag gach áiritheoir daonáirimh.
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir leis an obair a dhéanann an POS le daonáireamh a eagrú ar an leathanach 'Maidir le Daonáireamh 2011'!
An féidir foirm an daonáirimh a chomhlánú ar líne?
Ní féidir. Tá obair mhór lóistíochúil i gceist leis an daonáireamh. Bheadh ceisteanna móra slándála agus riaracháin le sásamh dá mbeadh deis curtha ar fáil an fhoirm a chomhlánú go leictreonach. Bheadh orainn uimhir aitheantais faoi leith agus pasfhocal a chur ar fáil do gach duine (nó teaghlach) leis an bhfoirm a chomhlánú ar an Idirlíon le cinntiú go mbeadh na foirmeacha slán. Níl sé soiléir faoi láthair an fiú na buntáistí a bhaineann le comhlánú foirmeacha go leictreonach i gcomhthéacs na gcostas agus na rioscaí a bhaineann leis (mar shampla, forbairtí nach beag infreastruchtúra TE, clúdach éagsúil leathanbhanda, dul i ndiaidh daoine nach nglacann páirt, foirmeacha a thagann isteach faoi dhó a aimsiú, dul chun cinn na hoibre sna ceantair a chinntiú). Ar na fáthanna seo tógadh cinneadh go mbeadh Daonáireamh 2011 curtha i gcrích ar an mbealach traidisiúnta. Ach, chomh maith le hoifigí eile staidrimh ar fud an domhain beidh an POS ag monatóireacht na héifeachtachta a bhaineann le rogha a thabhairt an fhoirm a chomhlánú ar líne.
Cé chomh fada a thógfaidh sé orm an fhoirm a chomhlánú?
Braitheann an méid ama a thógfaidh sé an fhoirm dhaonáirimh a chomhlánú ar líon na ndaoine sa teaghlach.
Ba cheart go dtógfaidh sé níos lú ná 30 nóiméid ar ghnáth theaghlach an fhoirm dhaonáirimh a chomhlánú.
Conas a dhéantar airitheoirí daonáirimh a earcú?
Tá 5,500 foireann allamuigh fostaithe ag an POS chun cabhrú leis an dáileadh agus báiliúcháin do na Foirmeacha Daonáirimh. Tá an earcaíocht ar fad déanta go díreach tríd an POS agus claíonn sé leis na dian phrionsabail earcaíochta atá ann maidir le cothroime, comhionannas agus follasacht a bhaineann le earcaíocht san earnáil phoiblí.
Agus ullmhúcháin á dhéanamh chun áiritheoirí a fhostú don daonáireamh, scrúdaigh an POS an féidearthacht chun tosaíocht a thabhairt do dhaoine atá ar an gClár Beo. Mar sin féin, ós rud é go raibh ar an bhfostaíocht seo a bheith déanta lastigh do na dian phrionsabail earcaíochta atá san earnáil poiblí, ní raibh an POS in ann idirdhealú a dhéanamh idir ghrúpaí, os rud é go rabhadar ar an gClár Beo nó nach raibh.
Agus ag roghnú iarrathóirí chun poist áiritheoirí an daonáirimh a líonadh, ghlaofar ar 15,500 duine chun agallamh a dhéanamh agus rinneadh measúnú orthu ar bhonn a scileanna, a gcumais, agus a oiriúnacht don phoist. Tairgítear na poist ansin chuig na hiarrathoirí is cáilithe. Chuir sa bhreis ar 730 áiritheoirí an daonáirimh in úil go rabhadar ar an gClár Beo. Maidir leis an próifíl aoise de na hairitheoirí, níl ach 194 thar 65 bhliain d’aois agus tá an tromlach idir 30 agus 65 bhliain d’aois.
Cá bhfuil cúnamh ar fáil dom?
Cliceáil ar na naisc seo a leanas le cúnamh a fháil nó
glaoigh orainn ar Lóghlao 1890 236 787:
Treoir do cheisteanna daonáirimh 2011 - míniú ar gach ceist, cén fáth go bhfuil sí curtha agus cén úsáid a bhaintear as na sonraí
Treoir leis an bhfoirm Dhaonáirimh a chomhlánú – cúnamh céim ar chéim le gach ceist a fhreagairt(as Béarla)
Treoir leis an bhfoirm Dhaonáirimh a chomhlánú – cúnamh céim ar chéim le gach ceist a fhreagairt
Íoslódáil foirm cló mór(as Béarla)
Foirmeacha Fuaime: