Go raibh maith agat
Le bheith san áireamh agus d’fhoirm chomhlánaithe daonáirimh a sheoladh ar ais.
Má tá d’fhoirm fós agat, cuir sa phost anois í le do thoil chuig;
An Phríomh-Oifig Staidrimh, Bosca Poist 2021, Saorphost 4726, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 D2X4.
Tá postas saor in aisce.
Freagraí ar do Cheisteanna
Is éard atá sa daonáireamh comhaireamh agus cuntas ar gach duine in Éirinn oíche an daonáirimh Dé Domhnaigh 3 Aibreán. Seachadfaidh áiritheoir daonáirimh foirm daonáirimh chuig do theach idir 28 Feabhra agus dáta an daonáirimh. Fillfidh siad chun d’fhoirm chomhlánaithe a bhailiú idir 4 Aibreáin agus 6 Bealtaine.
Míniú ar d’Fhoirm
Tá 11 cheist tí agus 33 ceist le comhlánú do suas le seisear duine aonair atá i láthair sa teach oíche an daonáirimh. Tá eolas ar fáil faoi gach ceist agus treoir maidir le conas iad a fhreagairt.
Do Shonraí Cosanta
Tá rúndacht do shonraí pearsanta ríthábhachtach dúinne agus tá siad cosanta ag an dlí. Is oifigeach staitisticí cláraithe gach duine atá ag obair ar an daonáireamh. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ceangal dlíthiúil orthu agus dualgas orthu a chinntiú go bhfuil do chuid faisnéise slán. Comhlíonann an Phríomh-Oifig Staidrimh na Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Déan teagmháil linn
- Is féidir leat glaoch ar an deasc chabhrach ag 0818 2022 04.
- Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag census2022@cso.ie.
Daonáireamh i Scoileanna
Tá raon acmhainní forbartha ag múinteoirí do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna araon. Tá siad seo deartha chun nascadh leis na curaclaim agus tá siad úsáideach chun ár ndaoine óga a mhúineadh faoi cad é an daonáireamh, cén fáth agus conas a dhéantar é agus cén fáth a bhfuil sé tábhachtach.