Daonáireamh 2022 chun faisnéis luachmhar nua a bhailiú chun tacú le beartas poiblí

Is é Dé Domhnaigh 3 Aibreán Oíche an Daonáirimh

Gabhfaidh Daonáireamh 2022, a bheidh ar siúl i díreach os cionn coicíse, eolas ar raon ábhar nua. Soláthróidh sé faisnéis ríthábhachtach chun beartas agus seirbhísí poiblí a phleanáil agus tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag spreagadh gach duine in Éirinn ullmhú d’Oíche an Daonáirimh an 3 Aibreán.

Tar éis próisis chomhairliúcháin fhairsing roimh dhaonáireamh na bliana seo tá ocht gceist san iomlán curtha le foirm an daonáirimh. Soláthróidh sé seo sonraí nua do lucht déanta beartas chun eolas a thabhairt do bheartais agus do thosaíochtaí sna blianta amach romhainn.

Clúdaíonn na ceisteanna a cuireadh le Daonáireamh 2022 na réimsí seo a leanas:

  • Foinsí fuinnimh in-athnuaite i dtithe: Cuidiú le heolas a thabhairt d’fhorbairt beartais i réimsí an fhuinnimh agus na gníomhaíochta aeráide.
  • Rochtain idirlín agus gléasanna: Chun infhaighteacht agus gá le rochtain idirlín a thuiscint, agus (athruithe ar) na gléasanna a úsáidimid chun rochtain a fháil ar an idirlíon.
  • Cúram Leanaí: Chun pictiúr níos soiléire a sholáthar ar na cineálacha cúram leanaí atá in úsáid inniu
  • Oibriú ón mbaile: Eolas a thabhairt d’fhorbairt polasaithe fostaíochta.
  • Obair dheonach: Chun líon na n-oibrithe deonacha a chainníochtú, chomh maith leis na réimsí agus na cineálacha eagraíochtaí ina mbíonn siad ag obair go deonach.
  • Aláraim deataigh: Is príomhfhachtóir iad seo chun dóiteáin agus damáiste dóiteáin i dtithe a laghdú. Cabhróidh sé seo le tuiscint a thógáil ar a n-úsáid agus ar a n-infhaighteacht.
  • Úsáid tobac: chun pictiúr a sholáthar ar leitheadúlacht an tobac inár ndaonra.
  • An t-am a fhágann daoine aonair obair, oideachas nó cúram leanaí de ghnáth: Chun cabhrú le riachtanais patrún iompair a aithint agus a phleanáil go háitiúil agus go náisiúnta.

Thug Eileen Murphy, Ceann Riaracháin an Daonáirimh, cuntas ar luach an eolais nua seo. “Cuireann gach daonáireamh eolas ríthábhachtach ar fáil, ach i mbliana tá roinnt ceisteanna fíorshuimiúla curtha leis againn. Cabhróidh siad seo le bonn eolais a chur faoin bhforbairt ar phríomhréimsí beartais phoiblí.

“Chun ullmhú d’oíche an daonáirimh ar an 3 Aibreán ba chóir do gach teaghlach eolas a chur ar na ceisteanna seo. Mura bhfuil siad cinnte faoi conas iad a fhreagairt cuireann suíomh Gréasáin an daonáirimh – census.ie – comhairle agus cúnamh ar fáil.”

Tá obair ar siúl cheana féin chun taighde a dhéanamh agus ceisteanna a thástáil chun iad a chur leis an gcéad daonáireamh eile. Áiríonn sé seo ceisteanna ar na topaicí féiniúlacht inscne agus treoshuíomh gnéasach atá á dtástáil ag an bPríomh-Oifig Staidrimh faoi láthair agus meastar go gcuirfear iad seo le daonáirimh amach anseo. Táthar ag súil go mbeidh comhairliúchán poiblí ar cheisteanna nua don chéad daonáireamh eile ar siúl roimh dheireadh na bliana.