Daonáireamh 2022
Reáchtálfar an chéad daonáireamh eile in Éirinn ar an 3 Aibreán 2022. Is é seo an 26ú daonáireamh a bheidh á reáchtáil ón mbliain 1841.
Is é an daonáireamh ceann de na cúraimí is tábhachtaí a chuirtear i gcrích sa tír. Baineann tábhacht leis i do chás féin, i ndáil le do theaghlach, tuismitheoirí agus leanaí, pobal áitiúil, contae, réigiún agus tír.
Oíche Dé Domhnaigh, an 3 Aibreán, ní mór gach duine in Éirinn a áireamh sa daonáireamh. Cuirfidh d’áiritheoir daonáirimh foirm daonáirimh ar fáil do gach teaghlach i do cheantar áitiúil am éigin idir mí an Mhárta agus dáta an daonáirimh. Baileofar an fhoirm daonáirimh chomhlánaithe idir an 4 Aibreán agus an 6 Bealtaine.
Do chuid Ceisteanna freagartha
Freagraítear roinnt ceisteanna coitianta a d’fhéadfadh bheith agat faoin daonáireamh anseo.
D’Áiritheoir Daonáirimh agus Foireann an Daonáirimh
Beidh duine dár 5,100 áiritheoir daonáirimh freagrach as gach foirm daonáirimh a sheachadadh agus a bhailiú.
Cosaint Bhur Sonraí
Tá meas againn ar rúndacht bhur sonraí pearsanta agus tá na sonraí seo á gcosaint ag an dlí.
An Daonáireamh i Scoileanna
Tá raon acmhainní ar fáil do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna chun cabhrú le mic léinn foghlaim faoi daonáireamh agus faoin tábhacht a bhaineann leis.
Taisceadán Todhchaí
Is deis ar leith í seo teachtaireacht a scríobh i rannóg speisialta nua ar an bhfoirm daonáirimh, más mian leat. Stórálfar é seo go sábháilte le haghaidh 100 bliain.
Comhpháirtithe Pobail
Eagraíochtaí a roinn a gcuid ama, saineolais agus teagmhálaithe.
Eolas Sábháilteachta
Eolas maidir le conas a dhéanfaimid teagmháil leat agus conas camscéimeanna a sheachaint.
Bainisteoirí Foras Pobail
Eolas do Bhainisteoirí Foras Pobail maidir le do ról i gcomhlánú na bhfoirmeacha daonáirimh.
Lucht Bainistíochta Lóistíní do Dhaoine Gan Dídean
Eolas do bhainisteoirí lóistín do dhaoine gan dídean ar an ról atá acu i gcinntiú go gcomhlánaítear foirmeacha daonáirimh.
Cuir nasc daonáirimh ar do shuíomh gréasáin
Cabhraigh linn aird a tharraingt ar an daonáireamh tír lógó daonáirimh agus nasc chuig census.ie a chur ar do shuíomh gréasáin.