Comhpháirtithe Pobail

Táimid buíoch do na heagraíochtaí seo a leanas a chuidigh lena gcuid ama, saineolais agus teagmhálaithe inár n-ullmhúcháin do Dhaonáireamh 2022.

An Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (NALA)

http://www.census.ie/_uploads/images/nalaimage.gif

Is carthanas neamhspleách í an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh atá tiomanta a chinntiú gur féidir le daoine a bhfuil deacrachtaí litearthachta agus uimhearthachta acu páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus rochtain a bheith acu ar dheiseanna foghlama a fhreastlaíonn ar “Treoir Céim ar Chéim chun Foirm Daonáirimh 2022 a Chomhlánú” a gcuid riachtanas. Chuidigh NALA leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) chun an a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill

http://www.census.ie/_uploads/images/ncbiimage.gif

Is í Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill an ghníomhaireacht náisiúnta cailliúint radharc na súl agus is eagraíocht charthanach neamhbhrabúis í. Soláthraíonn sé tacaíocht agus seirbhísí ar fud na tíre do dhaoine a bhfuil deacracht acu le radharc na súl. Thug NCBI comhairle agus cuidiú don Phríomh-Oifig Staidrimh maidir le leaganacha Braille (ar fáil go luath) agus mórchló d’fhoirm Dhaonáirimh 2022 a fhorbairt (PDF).

Ionad Pavee don Lucht Siúil agus do Romaigh  

http://www.census.ie/_uploads/images/pptimage.gif

Is eagraíocht náisiúnta neamhrialtasach Éireannach é Ionad Pavee, atá tiomanta do chearta daonna don Lucht Siúil Éireannach agus do Romaigh. Is éard atá sa ghrupa ná An Lucht Siúil, Romaigh agus baill den phobal socraithe ag obair le chéile i gcomhpháirtíocht chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an Lucht Siúil agus na Romach mar ghrúpaí mionlaigh eitneacha. D’oibrigh Ionad Pavee i gcomhpháirtíocht leis an bPríomh-Oifig Staidrimh chun comhairle agus cúnamh a thabhairt maidir le haird a tharraingt ar an daonáireamh i measc an Lucht Siúil agus na Romach, lena n-áirítear DVD (ar fáil go luath) agus bileoga (as béarla) don dá phobal a tháirgeadh.

Cúramóirí Teaghlaigh Éireann

Is é atá i gCúramóirí Teaghlaigh Éireann ná an carthanas náisiúnta a thacaíonn le cúramóirí teaghlaigh ar fud na tíre a thugann aire do dhaoine muinteartha ar nós leanaí nó daoine fásta atá faoi mhíchumas fisiceach nó intleachta, daoine scothaosta lag, iad siúd a bhfuil riachtanais chúraim mhaolaithigh orthu nó iad siúd atá ag maireachtáil le tinnis ainsealacha, le drochshláinte mheabhrach nó andúiligh. D’oibrigh an Phríomh-Oifig Staidrimh agus Cúramóirí Teaghlaigh Éireann le chéile chun póstaer (as béarla) agus bileog (as béarla) a sholáthar a thugann comhairle agus eolas do chúramóirí ar Dhaonáireamh 2022. Tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin na gCúramóirí Teaghlaigh chun a bhfeachtas daonáirimh a fheiceáil anseo.