Bainisteoirí Foras Pobail

Más bainisteoir thú ar eagras pobail nó ar shaoráid chónaithe (m.sh. eagras a sholáthraíonn cóiríocht bhainistithe), cinntigh le do thoil go bhfuil an fhaisnéis seo a leanas léite agat agus go bhfuil tú ar an eolas faoi.  

I measc samplaí d’eagrais pobail tá:

  • Óstáin, brúnna, tithe aíochta, nó Tithe Leaba agus Bricfeasta
  • Cóiríocht do mhic léinn
  • Tithe leanaí nó tithe altranais
  • Ospidéil nó cóiríocht altraí
  • Láithreáin champála saoire
  • Longa, báid, agus báirsí
  • Príosúin
  • Stáisiúin na nGardaí
  • Forais Chosanta (lena n-áirítear longa)
  • Pobail reiligiúnacha.

Bunús Dlí

Soláthraíonn An tAcht Staidrimh, 1993 (Ailt 25, 26, 27) agus An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 2020 an bunús dlí don daonáireamh. Leagann Alt 2 den Ordú amach cad is “eagras pobail cónaithe” ann. Ceanglaítear le hAlt 4 ar an mbainisteoir nó ar an duine atá i bhfeighil eagrais den sórt sin faisnéis áirithe a sholáthar. Sonraítear i mír 5 den Sceideal a ghabhann leis an Ordú an fhaisnéis atá le soláthar, is é sin:  

  • An cineál eagrais pobail cónaithe
  • Céadainm agus sloinne na ndaoine a bheidh ann ar Oíche an Daonáirimh
  • Deimhniú gur thug an bainisteoir nó an duine i gceannas foirm do gach duine den sórt sin agus gur bhailíodar uathu iad

Déantar foráil freisin in Airteagal 6 den RGCS  do bhailiú agus do phróiseáil sonraí daonáirimh, lena n-áirítear na sonraí a theastaíonn ó bhainisteoirí eagrais phobail. Foráiltear le hAirteagal 6 1.(c) go bhféadfar sonraí a phróiseáil i gcás inar gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh. Foráiltear le hAirteagal 6 1. (e) go bhféadfar sonraí a phróiseáil i gcás inar gá sin chun cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail.

Freagrachtaí an Bhainisteora

Mar bhainisteoir nó mar dhuine atá i bhfeighil ar eagras pobail ar an Domhnach 3 Aibreán 2022, ní mór duit Foirm Liostaithe a chomhlánú, ina liostaítear na daoine go léir a bheidh i láthair san eagras pobail ar Oíche an Daonáirimh. Caithfidh gach duine a fhanann ann ar an oíche Foirm Aonair a chomhlánú. Ba cheart do theaghlaigh atá i gcóiríocht do dhaoine gan dídean Foirm Teaghlaigh a chomhlánú.

Rachaidh d’Áiritheoir Daonáirimh i dteagmháil leat ar nó roimh Dé Máirt an 29ú Márta 2022 chun am a shocrú chun na foirmeacha a theastaíonn ó d’eagras a sheachadadh. Míneoidh siad na foirmeacha duit agus cad a chaithfidh tú féin, nó an duine ata i bhfeighil an eagrais phobail a dhéanamh ar Oíche an Daonáirimh, agus is féidir leo aon cheisteanna atá agat ina leith a fhreagairt.

Ar maidin Dé Luain an 4 Aibreán 2022, ba chóir duit foirmeacha aonair comhlánaithe a bhailiú sna clúdaigh shéalaithe a chuirtear ar fáil agus iad a choinneáil in áit shábháilte go dtí go bhfillfidh d’Áiritheoir Daonáirimh ar ais chun iad a bhailiú.

Cónaitheoirí

Má tá cónaí ort san eagras pobail le do theaglach féin, ba chóirt duit Foirm Teaghlaigh a chomhlánú. Má tá cónaí ort san eagras pobail i d’aonar nó le daoine nach bhfuil gaol agat leo, ba chóir duit Foirm Aonair a chomhlánú.

Mura bhfuil tú i do chónaí in eagras pobail ach go gcaitheann tú Oíche an Daonáirimh ag obair ann, ba chóir duit a bheith san áireamh ar fhoirm an daonáirimh ina bhfuil do ghnáthsheoladh cónaithe.