Lucht Bainistíochta Lóistíní do Dhaoine Gan Dídean
Más bainisteoir thú ar fhoras a sholáthraíonn lóistín nó tacaíocht tithíochta do dhaoine gan dídean, déan cinnte de go bhfuil an fhaisnéis a leanas léite agat agus dtuigeann tú í.
Déanfaidh áiritheoir teagmháil le d’fhoras roimh chuairt a thabhairt chun an líon foirmeacha a bheidh ag teastáil a dhearbhú. Beidh sé ina chuidiú mór don áiritheoir má tá tuairim éigin agat i dtaobh an mó daoine aonair agus teaghlaigh a bheidh san fhoras oíche an Daonáirimh, Dé Domhnaigh an 3 Aibreán 2022.
Más rud é go bhfuil d’fhoras oscailte don phobal (i.e. Turasóirí nó aíonna eile nach bhfuil gan dídean a fhanann ann), ba cheart go bhfaigheadh aon duine atá i lóistín éigeandála Dé Domhnaigh, an 3 Aibreán 2022 Foirm Theaghlaigh.
Má tá foras dúnta don phobal, ach má tá meascán de theaghlaigh, lánúineacha agus daoine aonair ann, ba cheart go bhfaigheadh teaghlaigh agus lánúineacha atá ag fanacht Dé Domhnaigh an 3 Aibreán 2022 Foirm Teaghlaigh agus ba cheart go bhfaigheadh daoine aonair atá ag fanacht ann Foirm Aonair. Comhlánóidh d’áiritheoir Foirm Liostála leat ina liostaítear gach duine a bheidh i láthair san fhoras Dé Domhnaigh an 3 Aibreán 2022.
Má tá d’fhoras dúnta don phobal, agus má fhreastalaíonn sé ar dhaoine aonair amháin, comhlánóidh an t-áiritheoir foirm liostála leat a liostaíonn gach duine a bheidh i láthair Dé Domhnaigh an 3 Aibreán 2022. Ba chóir go bhfaigheadh gach duine atá ag fanacht anseo Foirm Aonair freisin.
Tabhair fógra d’aon duine atá ag fanacht i d’fhoras agus atá ag comhlánú Foirm Teaghlaigh chun ceisteanna H1-10 a scipeáil toisc gur ceisteanna iad seo a bhaineann leis an bhforas.
Maidin Dé Luain an 4 Aibreán 2022, ba chóir duit foirmeacha comhlánaithe Teaghlaigh agus Aonair a bhailiú sna clúdaigh shéalaithe atá curtha ar fáil agus iad seo a choinneáil in áit shábháilte go dtí go bhfillfidh d’áiritheoir chun iad a bhailiú.
B’fhéidir gur mhaith leat daoine i d’fhoras a chur ar an eolas go bhfuil eolas agus aistriúcháin ar cheisteanna na foirme daonáirimh ar fáil i 22 teanga eile. Tá Treoir Céim ar Chéim maidir le foirm dhaonáirimh a chomhlánú ar fáil freisin. Is féidir tuilleadh cúnamh a fháil ar ár leathanach Áiseanna Inrochtaineachta .