Eolas Sábháilteachta

Molann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) do gach duine a bheith aireach faoi aon chaimiléirí a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh do chuid faisnéise pearsanta a fháil. 

Tabhair le fios le do thoil:

  • Caithfidh d’áiritheoir daonáirimh seaicéad buí lonrach marcáilte ‘Áiritheoir Daonáirimh’ ar an gcúl agus ‘Daonáireamh’ chun tosaigh. 
  • Beidh saitsil ag d’áiritheoir daonáirimh ar a mbeidh na focail ‘Central Statistics Office An Phríomh Oifig Stadrimh’ air. 
  • Beidh cárta aitheantais ag d’áiritheoir daonáirimh. Deimhnigh le do thoil go dtaispeánann d’áiritheoir a gcárta aitheantais duit agus iad ag tabhairt agus ag bailiú d’fhoirme. 
  • Beidh fón cliste ag d’áiritheoir daonáirimh a úsáidfear chun nóta a dhéanamh d’eolas mar ainm an úinéara tí, uimhir theileafóin, agus am oiriúnach chun filleadh chun an fhoirm daonáirimh a bhailiú. Scriosfar na sonraí pearsanta go léir ar an gCóras Cásbhainistithe trí mhí tar éis an daonáirimh agus déanfar fóin phóca a ghlanadh go fóiréinseach.
  • Mura bhfuil tú sa bhaile nuair a thagann d’áiritheoir daonáirimh ar cuairt, fágfaidh sé/sí cárta glaonna ar a mbeidh a n-uimhir theileafóin, a ligfidh duit dul i dteagmháil leo chun socrú a dhéanamh maidir le teacht ar ais ag am atá áisiúil duit. 

Ní dhéanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh/Áiritheoir Daonáirimh na rudaí seo a leanas riamh:

  • Cur chuige na mangaireachta fóin a úsáid chun do chuid faisnéise pearsanta a fháil. Bí ar an airdeall le do thoil maidir le caimiléirí teileafóin agus cuir gach eachtra amhrasach in iúl don Gharda Síochána. 
  • Ríomhphost a sheoladh chugat maidir le Daonáireamh 2022 mura ndearna tú teagmháil linn ar dtús. Má cheapann tú go bhfuil ríomhphost faighte agat ón bPríomh-Oifig Staidrimh, deimhnigh le do thoil go gcríochnaíonn an seoladh ríomhphoist le @cso.ie. 
  • D’uimhir PSP a iarraidh 
  • Do shonraí bainc a iarraidh nó íocaíocht nó síntiús a iarraidh
  • Aon phasfhocail a iarraidh 

  Ní iontrálfaidh an tÁiritheoir Daonáirimh d’áit chónaithe.

Tá comhairle ar cibearchoireacht agus sceamálacha ar fáil ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána anseo (PDF).

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Daonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh ag 0818 2022 04 nó (01) 895 1300 má tá aon imní ort maidir le d’áiritheoir daonáirimh. 

Tá sé tábhachtach dúinn do shonraí a choinneáil sábháilte. Féach ar ár leathanaigh [[Beartas Príobháideachais]] agus Do Shonraí a Chosaint le haghaidh tuilleadh eolais ar conas a chosnaíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh do shonraí.

A picture showing a census enumerator ringing a doorbell.
A picture showing the front of the enumerator jacket, the enumerator satchel and phone.
A picture containing the Census Enumerator hi-vis vest, satchel and phone.