D’Áiritheoir Daonáireamh agus Foireann an Daonáirimh
Déanfaidh duine dár 5,100 áiritheoirí daonáirimh gach foirm daonáirimh a sheachadadh agus a bhailiú go pearsanta. Beidh gach áiritheoir inaitheanta go soiléir mar caithfidh siad seaicéad buí sofheicthe marcáilte “Census Enumerator” ar a chúl agus “Census” ar an tosach. Beidh saitsil acu le “Central Statistics Office An Phríomh-Oifig Staidrimh” priontáilte air. Cinntigh go dtaispeánann d’áiritheoir a gcárta aitheantais duit agus d’fhoirm á seachadadh/á bailiú, le do thoil.
Tosóidh áiritheoirí daonáirimh ag seachadadh na bhfoirmeacha i do cheantar ó 28 Feabhra agus leanfaidh siad ag seachadadh foirmeacha suas go dtí 3 Aibreán. Ba chóir d’fhoirmeacha daonáirimh a chomhlánú Oíche an Daonáirimh (Dé Domhnaigh, 3 Aibreán). Fillfidh d’áiritheoir chun d’fhoirm a bhailiú idir 4 Aibreán agus 6 Bealtaine.


Toisc go gceanglaítear ar áiritheoirí teagmháil phearsanta a dhéanamh le gach sealbhóir tí ina gceantar, seans go mbeidh orthu roinnt glaonna a chur ar roinnt tithe.Mura bhfuil siad in ann teagmháil a dhéanamh leat, fágfaidh siad a gcuid sonraí teagmhála ionas gur féidir leat am áisiúil a shocrú don bheirt agaibh, chun d’fhoirm a sheachadadh agus/nó a bhailiú.
Beidh fón cliste agus feidhmchlár (Córas Bainistíochta Cáis) ag an áiritheoir a úsáidfidh sé/sí chun sonraí a thabhairt faoi deara mar ainm an úinéara tí, uimhir theileafóin, agus am feiliúnach chun filleadh ar an bhfoirm daonáirimh. Ligeann sé seo don sealbhóir tí dul i dteagmháil lena n-áiritheoir maidir le haon cheisteanna agus cabhróidh sé leis an áiritheoir teagmháil a dhéanamh leis an sealbhóir tí. Scriosfar na sonraí pearsanta go léir ar an gCóras Cásbhainistithe 3 mhí tar éis na hoibríochta allamuigh agus déanfar fóin phóca a ghlanadh go fóiréinseach.
Mura bhfaigheann tú foirm daonáirimh ba chóir duit dul i dteagmháil go díreach leis an bPríomh-Oifig Staidrimh ag 0818 2022 04 nó census2022@cso.ie, chun socrú a dhéanamh do d’áiritheoir ceann a sheachadadh chugat.
Beidh d’áiritheoir in ann aon cheisteanna a fhreagairt nó cúnamh a sholáthar maidir leis an bhfoirm, lena n-áirítear do dhaoine le lagú radhairc nó éisteachta. Is féidir leat freisin iarraidh orthu foirm dhaonáirimh Ghaeilge a sholáthar duit.
Is féidir leat eolas a fháil ar (comhlánú) d’fhoirme anseo freisin.
Cuirfidh d’áiritheoir glaoch chun d’fhoirm chomhlánaithe a bhailiú roimh an 6 Bealtaine. Fan go nglaofaidh siad, le do thoil. Mar sin féin, mura bhfuil d’fhoirm bailithe faoin Aoine 6 Bealtaine, cuir sa phost í comhlánaithe go hiomlán, le do thoil, chuig:
An Phríomh-Oifig Staidrimh
Bosca PO 2021
Saorphost 4726
Sord
Co. Átha Cliath
K67 D2X4
Foireann an Daonáirimh
Tá níos mó ná 5,600 ball foirne (‘foireann allamuigh’) fostaithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (POS) ar bhonn sealadach chun cabhrú linn Daonáireamh 2022 a rith. Ina measc seo tá
- 5,100 Áiritheoirí Daonáirimh
- 466 Maoirseoir Allamuigh
- 46 Maoirseoir Réigiúnacha
- 6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh
Bainistíonn gach Maoirseoir Allamuigh foireann de 10-12 Áiritheoirí Daonáirimh agus bainistíonn 46 Maoirseoir Réigiúnach an ceann ar fhoireann 10 Maoir Allamuigh. Tá seisear Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh ann, atá ina mbainisteoirí sinsearacha ar fhoireann allamuigh Dhaonáireamh 2022. Le chéile tá na baill foirne seo freagrach as seachadadh agus bailiú na bhfoirmeacha daonáirimh.
Faigheann an fhoireann allamuigh tacaíocht ó fhoireann staitisteoirí, foireann ghairmiúil, theicniúil agus riaracháin atá lonnaithe i gCeanncheathrú an Daonáirimh i Sord, Co. Átha Cliath.
