Iarrann an Daonáireamh cuidiú ó chónaitheoirí árasán
Beidh áiritheoirí ag seachadadh foirmeacha daonáirimh i rith an deireadh seachtaine fhada
Beidh Daonáireamh 2022 ag tarlú ar 3 Aibreán agus beidh os cionn 5,000 áiritheoir ag seachadadh foirmeacha daonáirimh i rith an deireadh seachtaine fhada. De bharr deacrachtaí rochtain a fháil ar fhoirghimh árasán áirithe, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag iarraidh ar dhaoine atá ina gcónaí in árasáin tacú le Daonáireamh 2022 trí chuidiú le háiritheoirí rochtain a fháil ar fhoirgnimh árasán. Iarrtar freisin ar chomhlachtaí Bainistíochta cuidiú leis na háiritheoirí.
Agus í ag tabhairt nuashonrú maidir le líon na bhfoirmeacha Daonáirimh 2022 a seachaíodh go dtí seo, dúirt Eileen Murphy, Ceannasaí Riaracháin Daonáirimh, “Tá an-dul chun cinn déanta ag ár n-áiritheoirí. I gcoicís amháin thug siad cuairt ar os cionn milliún teach agus seachadaíodh os cionn trian de na foirmeacha riachtanacha. Tá tacaíocht choiteann an phobail ag an Daonáireamh, agus tá gá leis seo chun go n-éireoidh go maith leis an daonáireamh.
“D’ainneoin na tacaíochta seo, bhí deacrachtaí ag mórán áiritheoirí rochtain a fháil ar phobail gheataithe agus ar fhoirgnimh arásán. Bheimis buíoch dá dtacódh daoine leo trí rochtain a thabhairt dóibh. De réir an dlí, ní mór do gach duine atá i láthair in Éirinn ar 3 Aibreán a gcuid sonraí a chur isteach ar fhoirm dhaonáirimh. Mar sin, tá sé tábhachtach go bhfaighidh gach duine an fhoirm roimh an dáta sin.
“Bíonn na háiritheoirí Daonáirimh ag obair um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine, nuair is dócha go mbeidh daoine sa bhaile. Beidh said gnóthach an deireadh seachtaine fada seo agus iad ag iarraidh an deis a thapú go mbeidh daoine sa bhaile.”
Mar fhreagairt ar cheisteanna slándála, dúirt Murphy “beidh veist shofheicthe á caitheamh ag na háiritheoirí Daonáirimh agus beidh comhartha aitheantais ón bPríomh-Oifig Staidrimh acu. Tá tuilleadh eolais le fáil ar census.ie maidir le d’áiritheoir a aithint.
Mar fhocal scoir, chuir Eileen Murphy daoine ar a suaimhneas nach bhfuil foirm faighte acu fós. “Tá coicís ann fós chun na foirmeacha a sheachadadh agus beidh na háiritheoirí gnóthach ag seachadadh foirmeacha go dtí deireadh seachtaine an Daonáirimh.”