Daonáireamh 2022 ar siúl anocht

Muintir na hÉireann ag teacht le chéile agus á cur san áireamh

Tá Daonáireamh 2022 ar siúl anocht, agus tá dualgas de réir an dlí ar gach duine in Éirinn a gcuid eolais a chur ar fáil ar fhoirm dhaonáirimh. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag iarraidh ar gach duine a chinntiú go bhfuil a gcuid eolais á thaifeadadh i gceart. Tá acmhainní éagsúla ar fáil ar census.ie chun cabhrú le daoine.

Le mí anuas, tá breis is 2 mhilliún foirm dhaonáirimh fágtha ag 5,000 áiritheoir i dtithe ar fud na hÉireann. Ach tá seans ann nach bhfuil foirm dhaonáirimh fágtha ag líon beag tithe fós. Mura bhfuil d’fhoirm faighte agat, déan teagmháil le CSO chomh luath agus is féidir agus cinntigh go bhfuil do chuid oibleagáidí dlíthiúla á gcomhlíonadh agat.

Ghlac Eileen Murphy, Ceannasaí Riaracháin an Daonáirimh, buíochas le daoine as tacú leis an daonáireamh. “Ar fud na hÉireann, i ngach pobal, idir bheag agus mhór, tá tacaíocht léirithe ag daoine do Dhaonáireamh 2022. Is deis uathúil é seo, tagann pobal na tíre le chéile agus cinntítear go bhfuil gach duine á chur san áireamh. Cabhróidh sé seo linn cuntas mionsonraithe a thiomsú dár dtaithí chomhchoiteann mar shochaí in 2022 agus ba cheart glacadh le rannpháirtíocht sa daonáireamh mar ábhar bróid.

Ní mór eolas maidir le gach duine in Éirinn a áireamh ar fhoirm dhaonáirimh. Is ceanglas dlíthiúil é seo. Ní mór do chuid eolais a thaifeadadh san áit a gcodlaíonn tú. Áirítear anseo gach duine in áiteanna cosúil le hóstáin, ospidéil, príosúin, cóiríocht do mhic léinn agus longa fiú.   Is cuma cá bhfuil tú, ní mór duit páirt a ghlacadh i nDaonáireamh 2022.

“Tá 11 cheist shonracha ann nach mór do gach teaghlach a fhreagairt agus uasmhéid de 33 ceist a bhaineann go sonrach le gach duine aonair sa teaghlach. Níor cheart go dtógfadh sé níos mó ná 20-30 nóiméad ar theaghlaigh an fhoirm dhaonáirimh a chomhlánú.”

Tá eolas maidir le conas an fhoirm Dhaonáirimh a chomhlánú, lena n-áirítear tacaíocht inrochtaineachta, le fáil ar census.ie. Beidh líne chabhrach CSO, 0818 2022 04, oscailte inniu idir 11am – 6pm.