Gabhann Daonáireamh 2022 buíochas le foireann allamuigh an Daonáirimh agus leis an bpobal as a dtacaíocht

Is mian leis an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) buíochas a ghabháil leis an bpobal as a rannpháirtíocht agus a tacaíocht i nDaonáireamh 2022. Ba mhaith leis an bPríomh-Oifig Staidrimh aitheantas a thabhairt don 6,000 ball foirne allamuigh, nach mór, a bhí lárnach i seachadadh níos mó ná dhá mhilliún foirm do theaghlaigh ar fud na tíre.

Tá bailiúchán foirmeacha críochnaithe anois, cé go bhfuil foirmeacha á bhfáil againn tríd an bpost go fóill. Tá tús curtha le próiseáil na bhfoirmeacha agus táthar ag súil go bhfoilseofar réamhthorthaí faoi dheireadh mhí an Mheithimh.

Ghabh Pádraig Dalton, Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh, buíochas leis an bpobal as a bhfoirmeacha daonáirimh comhlánaithe a chur ar ais agus leis an bhfoireann tiomnaithe allamuigh a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun rath an daonáirimh a chinntiú agus dúirt sé:

“Toisc go bhfuil a gcuid oibre curtha i gcrích anois ag foireann allamuigh an Daonáirimh, ba mhaith liom, thar ceann gach duine sa Phríomh-Oifig Staidrimh, moladh a thabhairt d’iarrachtaí ár n-Áiritheoirí Daonáirimh, Maoirseoirí Allamuigh, Maoirseoirí Réigiúnacha agus Oifigigh Idirchaidrimh as cuidiú linn daonáireamh eile a sheachadadh.

“Is díol iontais tiomantas agus obair chrua na bhfoirne. Tuigeann siad a thábhachtaí atá a bpost don tír agus braitheann rath an daonáirimh ar a ndúthracht agus ar a ndiongbháilteacht. Go raibh maith agaibh go léir as an méid atá bainte amach agaibh.

Bhí dúshláin uathúla roimh an Daonáirimh in 2022, ní hamháin mar gheall ar COVID-19, ach freisin na hathruithe sa tsochaí a chonaiceamar go léir le tamall anuas. Tá saol níos gnóthaí ag daoine anois, bíonn sé níos deacra teacht ar dhaoine, agus tá líon níos mó dár ndaonra ina gcónaí anois in árasáin agus i bpobail gheataithe.

Tugaim aitheantas freisin do thacaíocht an phobail do Dhaonáireamh 2022 agus thar ceann na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO) ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leo as an méid a rinne siad. Trí pháirt a ghlacadh i nDaonáireamh 2022 tá tú ag cabhrú le hacmhainn sonraí luachmhar, neamhspleách a chruthú a chabhróidh le díriú ar sheirbhísí poiblí i gcás ina bhfuil gá leo. Go raibh maith agaibh as a bheith páirteach sa daonáireamh.”

Thug Eileen Murphy, Ceann Riaracháin an Daonáirimh cur síos ar na chéad chéimeanna eile do na foirmeacha daonáirimh a cuireadh ar ais, ag rá:

“Bhí Oifig an Daonáirimh thar a bheith gnóthach le cúpla seachtain anuas agus cliathbhoscaí d’fhoirmeacha daonáirimh comhlánaithe á seachadadh chuig ár trádstóras. Cuirfear tús anois le foirmeacha daonáirimh a phróiseáil agus leanfar ar aghaidh leis an obair sin don chuid eile den bhliain. Foilseofar réamhthorthaí an 23 Meitheamh agus tá sé i gceist na chéad torthaí oifigiúla a fhoilsiú an Aibreán 2023, agus leanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh leis na léargais luachmhara ó Dhaonáireamh 2022 a eisiúint i rith na bliana seo chugainn i bhfoilseacháin théamacha. Beidh orainn fanacht go dtí 2122, áfach, chun sonraí ar bith a fhoilsiú ónár Taisceadán Todhchaí a raibh an-tóir air.”

Chomh maith leis na torthaí ó Dhaonáireamh 2022, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh ag féachaint chun cinn anois ar an gcéad daonáireamh eile a bheidh ar siúl in 2027. Tá obair ar siúl chun rogha freagartha ar líne a chur ar fáil, a bheidh páirtmhaoinithe ag Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh (#NRRP).

Cé go bhfuil an oibríocht bailithe allamuigh críochnaithe, leanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh ag glacadh le foirmeacha daonáirimh tríd an bpost. Is féidir foirmeacha a sheoladh ar ais trí shaorphost chuig:

An Phríomh-Oifig Staidrimh
Bosca Poist 2021
Saorphost 4726
Sord
Co. Átha Cliath
K67 D2X4.