Glao an Phríomh-Oifig Staidrimh do #TimeCapsuleStories na hÉireann
Tá an chéad Taisceadán Todhchaí dá leithéid i nDaonáireamh 2022 chun teachtaireacht a thaifeadadh do na glúnta atá le teacht
An 22 Márta 2022: Oíche an Daonáirimh ar an 3 Aibreán, i gceann níos lú ná coicís, tá an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag spreagadh mhuintir na hÉireann le tosú ag smaoineamh ar a n-iontrálacha um Thaisceadán Todhchaí.
Idir oidis theaghlaigh, agus dánta, iontrálacha dialainne nó líníochtaí, is gné nua é an Taisceadán Todhchaí i nDaonáireamh 2022, áit ar féidir le teaghlaigh a dteachtaireacht phearsanta féin a thaifeadadh do na glúnta atá le teacht agus do staraithe. Mar is amhlaidh le gach eolas a bhailítear le linn an Daonáirimh, coimeádfar na hiontrálacha go hiomlán faoi rún ar feadh 100 bliain sula scaoilfear don phobal iad in 2122.
Cé gurb í seo an chéad fhoirm Dhaonáirimh a thugann deis oifigiúil don phobal a nóta aonair féin a scríobh, tá stair fhada ag daoine ag cur sonraí lena bhfoirmeacha, lena n-áirítear, an réabhlóideach Éireannach, Seán Mac Diarmada ina liostaítear ina tuairisceán 1911 mar ‘singil, ach ní fada a bheidh sé’.
Ag labhairt dó ag seoladh ghlao na Príomh-Oifige Staidrimh ar #TimeCapsuleStories in EPIC, Músaem na hEisimirce i mBaile Átha Cliath, dúirt An tAire Stáit ag Roinn an Taoisigh, Jack Chambers TD:
“Is foinse ríthábhachtach é daonáireamh do staraithe agus iad ag déanamh staidéir ar phointe ama, mar go gcabhraíonn na sonraí a bhailítear leo tuiscint a fháil ar an mbealach a d’fheidhmigh an tsochaí agus ar shaol na ndaoine a raibh ina gcónaí ann. Do scoláirí sochaí na hÉireann amach anseo, tabharfaidh an Taisceadán Todhchaí léargas níos fearr fós ar an saol anseo in 2022. Deis atá ann don phobal an stair a mhúnlú, a nglór a chur in iúl do shliocht na todhchaí, agus teachtaireacht a fhágáil do na glúnta atá le teacht.”
Mhínigh an tAire Chambers an méid a bhí beartaithe aige a thaifeadadh ar a fhoirm Daonáirimh an 3 Aibreán “Tá oifig an Aire le cur leis”
Ag caint faoin Taisceadán Todhchaí, dúirt, Ceann Riaracháin an Daonáirimh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh Eileen Murphy :
“Ba bhreá le muintir na hÉireann scéalta a insint, agus is deis é an Taisceadán Todhchaí dóibh leanúint leis an traidisiún sin i bhfad amach anseo. Is í an chuid dheacair ná cinneadh a dhéanamh ar cén scéalta a roinnt! Tá smaointe iontacha le cloisteáil againn cheana féin ó dhaoine atá ag smaoineamh ar lámhphrionta nua a bpáiste a rianú, uathu siúd atá ag mapáil a gcrann ginealaigh, is í ár samhlaíocht an t-aon teorainn a bhfuil ann, agus sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach go dtosóidh daoine ag smaoineamh faoi seo anois roimh oíche an Daonáirimh an 3 Aibreán.”
Thug Bean Uí Murphy cuntas ar an gcaoi a raibh sí ag smaoineamh ar a hiontráil féin don taisceadán todhchaí “Bím ag smaoineamh ar conas is féidir le daoine eile an taisceadán todhchaí a úsáid. Mar sin, cé go ndéanfaidh mé teachtaireacht phearsanta do mo theaghlach féin a thaifeadadh, tá sé beartaithe agam roinnt tuar a dhéanamh freisin faoi cén cuma a bheidh ar na Scéalta Thaisceadán Todhchaí. Is féidir le staraithe i gceann 100 bliain a dheimhniú cibé an raibh mé ceart nó nach raibh.”
In éineacht leis an bPríomh-Oifig Staidrimh ag an seoladh bhí an craoltóir Joe Duffy, atá ina choimeádaí ar iliomad guthanna agus scéalta na hÉireann le breis agus scór bliain. Dúirt an tUasal Duffy “Tá a fhios agam tar éis an leabhar staire ‘Children of the Rising’ a scríobh, cé chomh ríthábhachtach is atá an daonáireamh. Glac páirt ann le do thoil freisin sa ranníocaíocht um Thaisceadán Todhchaí ar leathanach 23!”
Chun cabhrú le daoine a spreagadh, tá roinnt tosaithe abairtí curtha san áireamh ag foireann an Daonáirimh thíos, agus roinnfidh siad níos mó ar na meán sóisialta ag baint úsáide as #TimeCapsuleStories.
- Is é mo thuar le haghaidh 2122 ná…
- Tosaíonn lá tipiciúil domsa in 2022 le…
- An rud is fearr liom faoi bheith i mo chónaí in Éirinn in 2022 ná…