An Daonáireamh ar fud an domhain
An Daonáireamh san Eoraip
Comhaontaíonn gach Ballstát den Aontas Eorpach (AE) daonáireamh náisiúnta a eagrú ar bhonn 10 mbliana. Eagraíodh na chéad daonáirimh faoin Rialachán AE sin in 2011. Mar gheall ar éifeachtaí phaindéim Covid-19, in 2021 chinn roinnt tíortha, Éire agus an Ghearmáin ina measc, an daonáireamh a chur ar athlá go dtí 2022. Eagraíodh daonáireamh i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann in 2021. Chinn lucht eagraithe an daonáirimh san Albain é a chur ar athlá go dtí Márta 2022.
An Daonáireamh ar fud an domhain
Molann na Náisiúin Aontaithe (UN) go ndéanann tíortha daonáireamh náisiúnta uair amháin gach 10 mbliana, ar a laghad. Tugtar faoi deara, go mb’fhéidir go mbeadh sé riachtanach daonáireamh a dhéanamh níos minice i roinnt tíortha, mar gheall ar luas na n-athruithe daonra agus/nó imthosca teaghlaigh. Chomh maith leis sin, tá sé molta go gcuireann gach tír nó ceantar den domhan, staitisticí mionsonraithe daonra agus tithíochta i dtoll a chéile, uair amháin ar a laghad sa tréimhse idir 2015-2024.
Conas a eagraítear an daonáireamh ar fud an domhain?
Úsáideann tíortha modhanna agus foinsí sonraí éagsúla chun a gcuid sonraí daonáirimh a bhailiú. In Éirinn, tá daonáireamh ‘traidisiúnta’ in úsáid againn. Ciallaíonn sé seo go dtugann foirne áiritheoirí cuairt ar gach teaghlach sa tír chun foirmeacha daonáirimh a sheachadadh agus a bhailiú. Mar chuid den daonáireamh a rinneadh sna Stáit Aontaithe in 2020, úsáideadh foirmeacha páipéir, freagairtí ar líne agus teileafóin. Ba é daonáireamh 2021, i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann, an chéad daonáireamh a rinneadh sna tíortha sin ar líne den chuid is mó. Tá an CSO ag obair ar rogha ar líne a d’fhéadfaí a úsáid nuair a bheidh an chéad daonáireamh eile á eagrú in Éirinn.
Déanann Ballstáit an AE cinneadh maidir leis an mbealach is fearr a oireann dóibh féin chun a ndaonáireamh féin a eagrú. Sa bhreis ar an daonáireamh ‘traidisiúnta’, áirítear i measc na roghanna úsáid a bhaint as cláir daonra, meascán de dhaonáireamh traidisiúnta agus suirbhéanna samplacha, nó meascán de dhaonáireamh bunaithe ar chlár agus ar shuirbhéanna samplacha. Chomh maith leis sin, tagann siad ar chomhaontú maidir le sainmhínithe agus dátaí le haghaidh na sonraí atá le bailiú agus bearta a úsáidfear chun caighdeán na sonraí a mheas agus a dhearbhú. Cuimsítear i gClár Daonáirimh Daonra agus Tithíochta an Domhain na Náisiún Aontaithe prionsabail agus moltaí a threoróidh agus a chabhróidh le tíortha daonáirimh rialta a eagrú.
Daonra an domhain
Foilsíonn na Náisiúin Aontaithe Bliainiris Staidrimh Bhliantúil agus Bliainiris Dhéimeagrafach bhliantúil a áirítear iontu figiúirí daonra le haghaidh gach tír. Measadh i mBliainiris Dhéimeagrafach 2020 go raibh daonra iomlán an domhain cothrom le díreach faoi bhun 7.8 billiún i lár 2020, 3.86 billiún bean agus 3.93 billiún fear. Ba í an Áise an ilchríoch ab airde daonra, 4.6 billiún duine. Ba í an tSín, tír a bhfuil 1.4 billiún duine ina gcónaí inti, an tír leis an daonra ba mhó.
Tá taifid daonra á gcoimeád ag roinnt tíortha ar mhaithe lena ndaonra a mheas, agus i gcásanna áirithe daonra an domhain a mheas. Soláthraíonn Biúró Daonáirimh na Stát Aontaithe taifead daonra ar líne, a áirítear ann na 10 dtír ina bhfuil an daonra is airde.
Na 10 dtír leis an daonra is airde (An 1 Iúil 2021)
Tír | Daonra |
---|---|
1. An tSín | 1,407,098,834 |
2. An India | 1,380,721,926 |
3. Na Stáit Aontaithe | 331,893,745 |
4. An Indinéis | 275,122,131 |
5. An Phacastáin | 238,181,034 |
6. An Nigéir | 219,463,862 |
7. An Bhrasaíl | 215,903,281 |
8. An Bhanglaidéis | 164,098,818 |
9. An Rúis | 142,320,790 |
10. Meicsiceo | 128,569,498 |
An bhfuil tuilleadh eolais ag teastáil uait?
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi dhaonra an AE, nó an domhain, tabhair cuairt ar na suíomhanna gréasáin seo:
