Torthaí an Daonáirimh
Cathain a bheidh na chéad torthaí ar fáil?
Foilseofar na chéad torthaí ón daonáireamh ar an 24 Meitheamh i mbliana. Soláthróidh na Réamhthorthaí seo figiúirí tosaigh do dhaonra iomlán na hÉireann ar Oíche an Daonáirimh, agus an chéad mhiondealú ar líon na mban agus na bhfear sa tír.
Cathain a bheidh an tsraith iomlán torthaí ar fáil?
Foilseofar an chéad tuarascáil – Tuarascáil Achoimre an Daonáirimh 2022 – i mí Aibreáin 2023. Foilseofar torthaí breise go dtí mí na Nollag 2023. Clúdóidh siad seo ábhair mar thithíocht, sláinte agus stádas eacnamaíoch ár ndaonra.
Cad iad na torthaí a bheidh ar fáil?
Foilseofar na torthaí daonáirimh i dtéamaí ar leith. I measc na dtéamaí, tá tithíocht, an daonra de réir leathadh aoise agus tíreolaíoch, teaghlaigh agus líonta tí, imirce, éagsúlacht agus comaitéireacht. Déanfar na sonraí daonáirimh a anailísiú agus a léirthuiscint maidir le gach téama agus déanfar comparáidí eatarthu agus daonáirimh a rinneadh roimhe seo agus le háiseanna amhairc, cosúil le graif, léarscáileanna agus grafaicí faisnéise. Foilseoidh an POS an liosta téamaí a chuimseofar níos déanaí in 2022.
Tá tuilleadh eolais ar raon thorthaí Dhaonáireamh 2022 ar fáil anseo.
An mbeidh mé in ann na torthaí a fheiceáil/a úsáid?
Beidh. Foilseofar torthaí uile Dhaonáireamh 2022 ar ár láithreán gréasáin, agus beidh siad ar fáil go héasca do gach duine le feiceáil agus le húsáid.
Cad faoi thorthaí daonáirimh roimhe seo?
Tá torthaí Dhaonáireamh 2016, agus torthaí na ndaonáireamh roimhe sin, ar fáil ar leathanach an daonáirimh ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh.
