An Chaoi a Mhúnlaíonn an Daonáireamh an Sochaí
Tá daonáireamh cruinn cuimsitheach chun ár leasa uile. Tá torthaí an daonáirimh tábhachtach do gach duine agus pobal in Éirinn. Soláthraíonn siad eolas ríthábhachtach a theastaíonn chun pleanáil a dhéanamh do sholáthar príomhsheirbhísí mar shláinte, oideachas agus iompar.
Cuirtear torthaí ar fáil ar ábhair thábhachtacha mar aois, oideachas, sláinte, fostaíocht, teanga(cha) a labhartar, agus mar sin de. Is féidir an t-eolas seo a úsáid ansin chun riachtanais ár bpobal, ár gcontaetha agus ár dtíre a aithint agus freagairt dóibh. Is féidir leo cabhrú linn freisin tuiscint níos fearr a fháil ar riachtanais na sainghrúpaí inár sochaí, ar nós aoisghrúpaí éagsúla, grúpaí socheacnamaíocha agus grúpaí eitneacha, agus iad a shásamh níos fearr.
Tá na torthaí ar fáil go héasca agus úsáideann daoine aonair agus grúpaí go forleathan iad ar fud gach earnála de shochaí na hÉireann. Úsáideann an Rialtas áitiúil agus náisiúnta, comhlachtaí poiblí eile, grúpaí ionadaíochta agus sainleasa áitiúla agus náisiúnta, gnóanna, lucht léinn, taighdeoirí agus mic léinn torthaí an daonáirimh ina ngníomhaíochtaí laethúla.
Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh buíoch do na heagraíochtaí thíos as na cás-staidéir seo ar an úsáid a bhain siad as torthaí an daonáirimh ina gcuid oibre.
COPE na Gaillimhe
Tá COPE na Gaillimhe ag obair le cuid de na cónaitheoirí is leochailí i nGaillimh le breis agus 40 bliain. Tá sé foghlamtha againn, seachas seirbhísí a chur ar fáil mar fhreagra ar na riachtanais láithreacha atá ag daoine, go bhfuil sé ríthábhachtach go molaimid athrú córasach chun dúshlán a thabhairt do thimthriallta ainsealacha um míbhuntáiste. Teastaíonn dea-taighde agus sonraí iontaofa chuige seo. Mar charthanacht réigiúnach atá ag brath ar thiomsú airgid chun easnaimh mhaoinithe a shásamh, cuireann sé seo srian ar ár gcumas ár dtaighde féin a choimisiúnú, d’fhonn athrú a mholadh, lorgaímid sonraí iontaofa in áiteanna eile.
Mar shampla, nuair a rinneamar ár n-aighneacht réamh-bhuiséid don Bhuiséad 2022, ag moladh conas ba cheart dó acmhainní a dháileadh, d’úsáideamar sonraí daonáirimh maidir le húsáid breosla iontaise chun ár n-imní a thabhairt chun suntais maidir le leochaileacht daoine scothaosta i leith méaduithe ar chánacha carbóin. Agus aighneacht á cur ar fáil maidir le dréacht-tuarascáil Stáit na hÉireann do Choiste na NA um Chearta an Linbh, bhí figiúirí daonáirimh maidir le comhdhéanamh an teaghlaigh tábhachtach chun ár n-ionchur a chumadh. Tá sonraí daonáirimh ríthábhachtach chun a chinntiú go mbíonn ár n-ionchur bunaithe ar shonraí cruinne nuair a chuirimid ionchur ó thaobh pleanála agus treo na todhchaí ar fáil.
AN CHOMHAIRLE EALAÍON – UIRLIS ‘DO LUCHT FÉACHANA A MHAPÁIL’ AG BAINT ÚSÁIDE AS SONRAÍ DAONÁIRIMH
Is í Comhairle Ealaíon na hÉireann gníomhaireacht rialtas na hÉireann a bhfuil freagracht uirthi as na healaíona a fhorbairt. Oibrímid i gcomhpháirtíocht le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, lucht déanta beartas poiblí agus daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann. Ceapaimid go bhfuil sonraí daonáirimh ina n-acmhainn riachtanach agus luachmhar chun ár mbeartais agus straitéisí corparáideacha a threorú agus a mhúnlú, ach go háirithe chun ligean dúinn oibriú go forásach le hearnáil na n-ealaíon in Éirinn.
Tá líonra dinimiciúil agus bríomhar d’ionaid ealaíon, dánlanna agus amharclanna ar fud na hÉireann. Inár mbailte agus cathracha bíonn daoine ag cruthú agus ag glacadh páirte sna healaíona mar gheall ar na háiteanna seo agus laistigh díobh. Tá ról tábhachtach ag an gComhairle Ealaíon agus ag údaráis áitiúla maidir le fóirdheontas poiblí a thairiscint do na háiteanna seo ionas gur féidir leo maireachtáil agus rath a bheith orthu. Déanaimid go leor oibre a infheistiú freisin chun tacú lena bhfás agus lena bhforbairt.
I gcroí aon ionaid ealaíon, tá na lucht féachana ealaíon. Chun leanúint de bheith ina moil bheoga agus fhuinniúla i mbailte ar fud na hÉireann, ní mór dóibh a bheith i dteagmháil go réamhghníomhach lenár saoránaigh go léir. Tá rochtain ar shonraí cruinne agus ar shaineolas faoi lucht féachana agus faoi rannpháirtithe ealaíon ionchasacha ar féidir leo a bheith ag obair leo agus mar sin tá sé ríthábhachtach chuige sin. Chun cabhrú leis na hionaid chuige seo, choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon an Faireachlann Taighde Uile-Oileáin (AIRO) chun uirlis idirghníomhach ghréasáin a fhorbairt ag baint úsáide as sonraí Dhaonáireamh 2016.
Leis an Uirlis um Lucht Féachana a Mhapáil ligtear d’ionaid ealaíon teacht go héasca ar mhioneolas déimeagrafach faoi na daoine atá ina gcónaí gar dóibh. Ag piocadh ó shraith táscairí ó Dhaonáireamh 2016 – mar shampla, aois, inscne, eitneachas, náisiúntacht, míchumas – is féidir leis na hionaid ealaíon pictiúr cruinn a fháil ar na grúpaí déimeagrafacha éagsúla a bhfuil cónaí orthu laistigh de rochtain éasca (10 nóiméad d’am tiomána) dá gcuid foirgnimh.
Mar shampla, is féidir le hIonad Ealaíon Draíocht i mBaile Bhlainséir a fheiceáil go bhfuil os cionn 38,000 leanbh faoi bhun 14 bliana d’aois ina gcónaí laistigh de 10 nóiméad tiomána óna saoráid, a d’fhéadfadh a bheith ag baint leasa as a gclár leathan gníomhaíochtaí do leanaí agus do dhaoine óga. Leis an uirlis, cuirtear céatadáin éagsúla ar fáil freisin ar féidir iad a mheaitseáil ar chairt chomparáide leis na meáin náisiúnta de réir an daonáirimh. Mar sin, mar shampla, is féidir le hAmharclann Halla an Bhaile i nGaillimh a fheiceáil gur de náisiúntachtaí eile iad os cionn 25% den daonra laistigh d’am tiomána de 10 nóiméad, i gcomparáid leis an gcéatadán náisiúnta de 17%, agus is féidir leis seo tionchar a imirt ar a gcuid clár agus é a dhéanamh chomh hábhartha agus is féidir do shaoránaigh ina gceantar.
Taispeánadh go raibh an uirlis fíor-luachmhar do sholáthróirí ealaíon ar fud na tíre maidir le heolas níos fearr a bheith acu ar a lucht féachana féideartha; ar na daoine ar féidir leo díriú orthu le haghaidh cláir agus deiseanna ar leith; a chinntiú go bhfuil siad ag sroicheadh lucht féachana féideartha trí bhreathnú ar na staitisticí taobh lena sonraí féin-oifige na dticéad; agus a gcuid pleanála agus straitéisí a threorú chun a chinntiú go bhfuil siad ag tairiscint clár ábhartha cothrom do gach duine a chónaíonn laistigh dá ndlínsí. Is é an buntáiste ar leith a bhaineann leis an bhfaisnéis seo a thagann go díreach ó thorthaí an Daonáirimh ná go bhfuil muid in ann an uirlis a nuashonrú leis an bpictiúr beo beacht is déanaí agus táimid ag tnúth leis seo a dhéanamh le torthaí Dhaonáireamh 2022.
Love Drogheda Ceantar Feabhsúcháin Gnó, Ionad Fiontraíochta an Mhuilinn agus an Comhlachas Tráchtála
I mí Eanáir 2020, choimisiúnaigh comhoibriú de ghrúpaí Gnó (Love Drogheda Ceantar Feabhsúcháin Gnó, Ionad Fiontraíochta an Mhuilinn agus an Comhlachas Tráchtála) i nDroichead Átha iniúchadh domhain i bhfigiúirí daonáirimh an CSO chun miondealú na bhfostaithe inár mbaile agus inár réigiún a shainaithint.
Theastaigh uainn a aithint go soiléir cé a bhí ina gcónaí agus ag obair laistigh de limistéar 15 nóiméad agus 30 nóiméad. Roimhe seo, measadh go raibh idir 6,000 agus 8,000 acu siúd a bhí ina gcónaí sa cheantar ag comaitéireacht amach chun críocha fostaíochta. Agus sonraí an CSO á n-úsáid againn fuaireamar amach go raibh 14,992 cónaitheoir againn a rinne comaitéireacht amach chun críocha fostaíochta agus 10,042 den fhigiúr sin ag obair i bhFine Gall agus i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Chuidigh sonraí an CSO linn miondealú a dhéanamh ar an stádas gairmiúil (47% Fostóirí, Bainisteoirí nó Gairmithe) agus na scileanna (60% le hoideachas tríú leibhéil) a d’fhág ár réigiún áitiúil ar bhonn laethúil, agus tá 24% díobh fostaithe san earnáil TFC.
Agus sonraí an Phríomh-Oifig Staidrimh á n-úsáid againn mar bhonnlíne, rinneamar dhá shuirbhé leantacha ar Chomaitéirí agus ar Oibrithe Cianda agus críochnaíodh an chéad suirbhé i bhFeabhra 2020 (réamhphaindéim) inar sainaithníodh an leibhéal comaitéireachta. Ghabh na sonraí seo faisnéis maidir le ham imeachta go fad comaitéireachta le breis agus 50% dár bhfreagróirí ag tabhairt faoi deara go raibh a gcuid comaitéireachta níos airde ná 60 nóiméad gach bealach, is é sin seachtain oibre bhreise in aghaidh na míosa.
Leanamar é seo le suirbhé breise in 2021 (thart ar 800 freagróir) a chuidigh linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a raibh daoine ag dul in oiriúint do na nósanna imeachta nua oibre. Fuaireamar amach ar dtús, cé go raibh drogall ar go leor cuideachtaí tacú le cianobair ag tabhairt faoi deara bacainní ar athrú, forchuireadh an t-athrú seo de bharr na paindéime.
Is é ár bhfócas agus an fhaisnéis á bailiú agus á tiomsú againn ná cabhrú le heagraíochtaí cinntí eolasacha a dhéanamh, agus ina measc roinneadh an fhaisnéis, a bhaineann le scileanna áitiúla, leis an IDA. Ina theannta sin, baineadh úsáid as figiúirí na Príomh-Oifige Staidrimh mar aon lenár sonraí suirbhé in iarratais ar dheontas rathúla chun riachtanais chomhoibrithe agus cianoibre a shainaithint.
Dhearbhaigh an daonáireamh freisin go raibh muid ar an mbaile is mó agus ar an mbaile is mó fáis – thug sé seo sonraí iontacha dúinn chun filleadh ar ghníomhaireachtaí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta maidir le pleananna fiontraíochta / turasóireachta / rialtais agus léirigh sé go gcaithfimid pleanáil le haghaidh fáis leanúnaigh.
Roinnt torthaí suimiúla ónár suirbhé…
- le sonraí breise ónár suirbhé, léiríodh gur chaith breis agus 37% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu os cionn €3,000 ar chomaitéireacht (roimh 2020).
- Bhí an-suim ag 80% díobh siúd, a ndearnadh suirbhé orthu, oibriú go háitiúil agus bhí siad toilteanach ciorrú pá de 14% a ghlacadh (roimh Phaindéim)
- D’fhág 65% díobh siúd a ndearnadh suirbhé orthu a mbaile chun dul chuig na hoibre roimh 7:30AM. Léirigh sé seo tionchar ar cháilíocht na beatha.
Ionad Náisiúnta um Gnó Teaghlaigh Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
In 2020, chuir an Phríomh-Oifig Staidrimh sonraí ar fáil don Ionad Náisiúnta do Ghnó Teaghlaigh (NCFB) in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) a bhí ríthábhachtach dár dtuiscint ar ról agus ar thionchar gnólachtaí teaghlaigh in Éirinn. Leis na sonraí seo, tugadh léargais ríthábhachtacha ar an méid a chuireann gnóthaí teaghlaigh le geilleagar, sochaí agus pobail na hÉireann. Buíochas le sonraí daonáirimh seo ón bPríomh-Oifige Staidrimh, tá a fhios againn anois go bhfuil 64 faoin gcéad de na gnóthaí go léir in Éirinn faoi úinéireacht teaghlaigh agus go bhfostaíonn na gnóthaí sin 938,000 duine. D’fhoilsigh an NCFB tuairisc faoin tionchar atá ag gnóthaí teaghlaigh in Éirinn ó thaobh na n-uimhreacha de.
Bunaithe in 2013, is lárionad taighde idirnáisiúnta ceannródaíoch é NCFB Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá tiomanta do thaighde dian ábhartha ar ghnó teaghlaigh. Ó seoladh na tuairisce ‘Irish Family Business by Numbers’, thug an NCFB dhá chlár nua isteach ag Scoil Ghnó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath dírithe go hiomlán ar oideachas gnó teaghlaigh – ceann amháin ar leibhéal fochéime agus an dara ceann ar leibhéal an oideachais feidhmiúcháin. Tagann go leor de na mic léinn ar na cláir seo ó, agus oibríonn siad le, gnóthaí teaghlaigh ar fud na hÉireann agus go hidirnáisiúnta.
Comhairle Pobail Chill Droichid
Tá Comhairle Pobail Chill Droichid ina moltóir láidir d’iompar inbhuanaithe agus cuireann sí fáilte roimh aon fheabhsúcháin ar iompar poiblí do chónaitheoirí Chill Droichid.
Mar sin, bhí sé ríthábhachtach go bhféadfaimis tacú lenár n-aighneacht chuig BusConnects Network Design an Údaráis Náisiúnta Iompair le faisnéis atá bunaithe ar fhianaise agus bhí an Phríomh-Oifig Staidrimh lárnach i soláthar na faisnéise sin.
Mar an gcéanna le faisnéis ón bPríomh-Oifig Staidrimh cuireadh in iúl do Desire Lines nó Pathways a bhféadfadh iompar poiblí a oibriú.
D’úsáideamar sonraí ó Chomhad Sonraí Comaitéireachta na Príomh-Oifige Staidrimh 2016, agus táimid thar a bheith buíoch agus thar a bheith sásta go raibh foinse an-suntasach agus údarásach faisnéise Rialtais ar fáil gan sriain dúinn.
Cumann na bPríomhoifigeach Dóiteáin
Díríonn Údaráis Dóiteáin ag baint úsáide as Feachtais um Shábháilteacht ó Dhóiteán chun feabhas a chur ar Shábháilteacht ó Dhóiteán sa Bhaile ar limistéir gheografacha ar leith bunaithe ar eolas áitiúil. Is féidir é seo a dhéanamh trí ghrúpaí pobail leasmhara, trí chomhlachtaí deonacha agus is féidir é a bheith bunaithe ar riosca mar achar ó Stáisiúin Dóiteáin, próifíl aoise, srl. Cé gur féidir agus go mbíonn tionchar dearfach aige seo ar theaghlaigh aonair ar tugadh cuairt orthu, níl aon dabht ach go bhfeabhsódh tionscnaimh níos spriocdhírithe leis an gcineál sonraí mionsonraithe, ar shonraí iad a fhéadtar a bhaint as aschuir an daonáirimh iarrachtaí na nÚdarás Dóiteáin i leith sábháilteacht an phobail ina dtithe.
Bheadh buntáiste ar leith ag baint le ceist a chur san áireamh maidir le líon na n-aláram deataigh i gcóiríocht atá ag obair chun na déimeagrafacha is mó atá i mbaol ó dhóiteáin tí neamhbhraite a shainaithint. Chabhródh sé sin le hidirghabhálacha spriocdhírithe atá dírithe ar bhásanna agus gortuithe dóiteáin a laghdú atá le cur i bhfeidhm go náisiúnta agus ag Údaráis Dóiteáin aonair.
Is é an cuspóir a bheidh le bailiú na sonraí ná na hÚdaráis Dóiteáin a chur ar an eolas faoin staid reatha chun ligean dúinn feachtais a cheapadh agus pobal níos réamhghníomhaí a bheidh feasach ar shábháilteacht ó dhóiteán a chruthú. Ag baint úsáide as anailís thuarthach agus shaintreorach ar na sonraí a bhaintear as aschuir an daonáirimh, is féidir treochtaí agus patrúin a aithint a cheadaíonn feachtais shaincheaptha um Shábháilteacht ó Dhóiteán chun leanúint ar aghaidh ag feabhsú sábháilteacht dóiteáin sa bhaile. Tabharfaidh sé deis dúinn freisin scrúdú a dhéanamh ar rath/teip feachtais san am a chuaigh thart, agus tógáil orthu sin amach anseo chun imní a mhaolú sula dtarlóidh siad.
Creidiúint Ghrianghraif: Cumann na bPríomhoifigeach Dóiteáin
