An Bunús Dlí maidir le Daonáireamh 2022

De réir an dlí, caithfidh gach duine in Éirinn ar Oíche an Daonáirimh a bheith san áireamh sa daonáireamh.

An tAcht Staidrimh 1993 

Is é An tAcht Staidrimh, 1993 an reachtaíocht bhunúsach a chlúdaíonn gach suirbhé a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), lena n-áirítear an daonáireamh. Cuireann alt 25 den Acht ar chumas an Taoisigh Orduithe (Ionstraimí Reachtúla) á dhéanamh a chuireann ceangal ar dhaoine eolas a sholáthar faoin Acht. Forálann ailt 26 agus 27 den Acht go n-éilíonn Ard-Stiúrthóir na Príomh-Oifige Staidrimh ar dhaoine foirm a chomhlánú agus a sheoladh ar ais tar éis don Taoiseach Ordú den sórt sin a dhéanamh.  

An tOrdú Daonáirimh 

Forálann An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 2020 go reáchtálfar an daonáireamh ar an 3 Aibreán 2022. Sonraíonn sé an fhaisnéis atá le cur ar fáil agus na daoine ar gá í a sholáthar. 

An Bunreacht 

Forálann Bunreacht na hÉireann  (Airteagal 16.2) go mbraitheann ballraíocht Dháil Éireann ar an daonra arna thomhas ag an daonáireamh. 

Rialachán AE 

Mar Bhallstát den AE, tá ceangal ar Éirinn daonáireamh rialta a dhéanamh ar a daonra, mar atá leagtha amach i Rialachán (EC) Uimh. 763/2008. Tá rialacháin shonracha ann freisin a bhaineann leis an daonáireamh seo – Rialachán 2017/543 agus Rialachán 2017/712