Ráiteas CSO maidir le Rúndacht Sonraí


Ní dhíolann ná ní roinneann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) faisnéis le tríú páirtithe riamh.

Tá faisnéis phearsanta a chuirtear ar fáil do CSO sa Daonáireamh agus i suirbhéanna eile faoi rún agus arna cosaint ag an dlí, faoi Alt 33 d’Acht Staidrimh, 1993.

Bíonn na sonraí ar fad a fhoilsíonn CSO i bhfoirm chomhlán rud a chiallaíonn nach sainaithnítear daoine aonair ná teaghlaigh riamh.  Ní chuirtear aon sonraí a bhaineann le duine atá inaitheanta nó teaghlach aonair ar fáil do ghnóthaí príobháideacha, ranna rialtais nó comhlachtaí poiblí riamh.

Ní úsáidtear sonraí a bhailíonn CSO ach chun críocha staidrimh.  Foilsíonn CSO staidreamh comhiomlán ar a suíomh gréasáin. Tá na haschuir chomhiomlána staidrimh seo ar fáil do chách. Trí shonraí a fhoilsiú i bhfoirm chomhlán cinntítear nach bhfuil aon duine aonair ná teaghlach inaitheanta. Níl rochtain ag aon tríú páirtí ar aon sonraí a chuireann duine aonair ar fáil do CSO.

Ina ról mar an ghníomhaireacht staidrimh náisiúnta, bailíonn CSO sonraí faoi go leor gnéithe de shaol phobal na hÉireann chun eolas a chur ar fáil don rialtas, gníomhaireachtaí, gnóthaí agus pobail eile chun cabhrú leo cinntí eolasacha a dhéanamh, acmhainní a leithdháileadh agus pleanáil don todhchaí.

An reachtaíocht atá mar bhonn le rúndacht faisnéise:

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a bunaíodh faoi Acht Staidrimh, 1993. Sonraítear in Acht 1993 cumhachtaí agus dualgais dhlíthiúla CSO.  Bunchloch thábhachtach dhlíthiúil de mhodh oibre na hOifige is ea nach féidir faisnéis a chuirtear ar fáil don Oifig faoi Acht (i) a úsáid ach chun críocha staidrimh amháin (alt 32 d’Acht Staidrimh, 1993) agus (ii) nach féidir an fhaisnéis sin a nochtadh i bhfoirm inaitheanta lasmuigh de CSO (alt 33 d’Acht Staidrimh, 1993). Ní chaithfear le foirmeacha Daonáirimh mar dhoiciméid phoiblí ach 100 bliain i ndiaidh dháta an daonáirimh de réir Alt 35 d’Acht Staidrimh, 1993.