Cad é an daonáireamh?
Is comhaireamh é an daonáireamh ar gach duine a chónaíonn in Éirinn de ghnáth. Ní mór gach duine atá ina chónaí sa tír a chur san áireamh.
Úsáidtear torthaí daonáirimh i bpleanáil cúraim sláinte, oideachais, iompair agus seirbhísí tithíochta ag leibhéal pobail, contae agus náisiúnta.
Cathain a bheidh an daonáireamh ar siúl?
Beidh an chéad daonáireamh eile in Éirinn ar siúl i mí Aibreáin agus ag tús mhí na Bealtaine 2027.
An mbeidh mé in ann an fhoirm dhaonáirimh a líonadh ar líne?
Beidh. Seo an chéad daonáireamh in Éirinn a bheidh an rogha agat an fhoirm a líonadh ar líne. Beidh foirmeacha páipéir fós ar fáil freisin.
An bhfuil athruithe eile ar an daonáireamh?
Is féidir an fhoirm dhaonáirimh a líonadh am ar bith sna cúig seachtaine roimh an 9 Bealtaine 2027. Beidh an Phríomh-Oifig Staidrimh(CSO) ag spreagadh daoine a bhfoirmeacha a líonadh chomh luath agus is féidir le linn na tréimhse sin. As seo amach, ní dhéanfaidh tú an daonáireamh a chomhlánú san áit a bhfuil tú ag fanacht ar aon oíche dhaonáireamh ar leith. Dá réir sin, beidh tú in ann an fhoirm dhaonáirimh a chomhlánú le haghaidh na háite ina gcónaíonn tú de ghnáth. I gcás fhormhór na ndaoine, is é sin a seoladh baile.
Nuair atá sé in am foirm dhaonáirimh a chomhlánú, is féidir le daoine an cinneadh a dhéanamh logáil isteach ar census.ie chun an fhoirm a chomhlánú ar líne, nó teagmháil a dhéanamh le hoifig an daonáirimh chun foirm pháipéir a iarraidh. Seolfar foirmeacha páipéir chuig tithe ach iad a iarraidh. Nuair atá siad comhlánaithe, ba chóir iad a sheoladh ar ais chuig Ceanncheathrú an Daonáirimh sa chlúdach réamhíoctha.
An bhfuil aon athruithe ar na ceisteanna sa daonáireamh?
Tá. Tá cúig cheist nua i nDaonáireamh 2027 maidir le páirceáil, sláinte mheabhrach, inscne, claonadh gnéis agus gnóthachtáil oideachais. Tá roinnt athruithe ar cheisteanna a bhí ann cheana féin chomh maith.
Cathain a bheidh daoine ag glacadh páirt i nDaonáireamh 2027?
In Aibreán 2027, seolfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh(CSO) litir chuig gach teach sa tír ina mbeidh sonraí faoi conas an fhoirm dhaonáirimh a chomhlánú, ar féidir í a dhéanamh ar líne nó ar pháipéar. Beidh feachtas poiblíochta ann ar fud na tíre chun daoine a chur ar an eolas faoin Daonáireamh. Beidh eolas ar an suíomh gréasáin seo (census.ie), agus beidh ionad glaonna ann chun cabhrú le daoine lena gcuid ceisteanna. Tabharfaidh Oifigigh Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh cuairt ar thithe chun faisnéis, comhairle agus cúnamh a chur ar fáil. Má tá an fhoirm dhaonáirimh comhlánaithe agat cheana féin, ní thiocfaidh siad ar cuairt.
An bhfuil mo chuid faisnéise rúnda?
Tá do chuid faisnéise rúnda, slán agus faoi chosaint an dlí. Beidh do shonraí pearsanta daonáirimh faoi chosaint ar feadh 100 bliain agus ina dhiaidh sin cuirfear ar fáil don phobal iad.
An bhfuil orainn an daonáireamh a líonadh de réir dlí?
Tá oibleagáid ort de réir dlí d’fhoirm dhaonáirimh a chomhlánú agus a sheoladh ar ais. Ní mór gach duine a chónaíonn in Éirinn de ghnáth a chur san áireamh.
Cad is brí le ‘a chónaíonn in Éirinn de ghnáth’ maidir leis an daonáireamh
Más rud é go bhfuil tú i do chónaí in Éirinn nó má tá tú i do chónaí anseo le 12 mhí anuas nó má tháinig tú laistigh de na 12 mhí is deireanaí agus má tá sé beartaithe agat fanacht anseo ar feadh tréimhse 12 mhí ar a laghad, ba chóir duit foirm dhaonáirimh a chomhlánú. Uaireanta tagraíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh(CSO) do ‘ghnáthchónaitheoir’ rud a chiallaíonn an rud céanna.
An mbeidh poist ar fáil ar Fhoireann Allamuigh an Daonáirimh?
Fostóidh an Phríomh-Oifig Staidrimh(CSO) foireann allamuigh shealadach i róil éagsúla ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil chun cabhrú linn an daonáireamh a reáchtáil. Beidh trí earcaíocht ar leith ar siúl in 2026 agus seo a leanas iad:
Bainisteoirí Sinsearacha (6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh agus 46 Maoirseoir Réigiúnach) – glacfar le hiarratais ón 22 Aibreán 2026 ar aghaidh.
Maoirseoirí Allamuigh Daonáirimh (466) – glacfar le hiarratais ón 7 Meán Fómhair ar aghaidh.
Oifigigh Thacaíochta Allamuigh Daonáirimh (thart ar 3,800) – glacfar le hiarratais ón 23 Samhain ar aghaidh.
Cé a eagraíonn an Daonáireamh?
Eagraíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) an daonáireamh.
Cathain a fhoilseofar taifid dhaonáireamh 1926?
Foilseoidh an Chartlann Náisiúnta foirmeacha dhaonáireamh 1926 Dé Sathairn an 18 Aibreán 2026. Ba é daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a reáchtáladh i Saorstát Éireann. Foilseoidh an Phríomh-Oifig Staidrimh(CSO) tuarascáil darb ainm ‘Éire mar a bhí agus Éire mar atá: An saol in Éirinn in 1926 agus 2022’ an tseachtain dar tús an 20 Aibreán chun cur le foilsiú fhoirmeacha dhaonáireamh 1926 ag an gCartlann Náisiúnta.
