Cosaint Sonraí, Príobháideacht & Trédhearcacht d’iarratasóirí

Réamhrá

Mínítear san fhógra seo an fhaisnéis a phróiseálfaidh foireann Earcaíochta Daonáirimh na Príomh-Oifige Staidrimh chun críocha an chomórtais earcaíochta seo (agus fostaíocht ina dhiaidh sin má éiríonn leat), an fáth a bpróiseálaimid an fhaisnéis seo, cé leis a roinntear an fhaisnéis seo agus cur síos ar do chearta maidir le d’fhaisnéis.

Cén fhaisnéis a bhailíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh fúm?

Mar fhostóir, ní mór dúinn faisnéis áirithe faoinár n-iarratasóirí / fostaithe a choinneáil agus a phróiseáil chun críoch gnáthchomórtais earcaíochta, fostaíochta agus bainistíochta Acmhainní Daonna, chun cloí lenár n-oibleagáidí dlíthiúla agus, i gcás inar gá, chun ár leasanna dlisteanacha a chosaint. Bailímid agus próiseálfaimid faisnéis le linn an phróisis earcaíochta, le linn ár gcaidrimh fostaíochta agus tar éis dheireadh an chonartha fostaíochta.

De ghnáth, faightear sonraí pearsanta go díreach ó iarratasóirí/fostaithe. I gcúinsí áirithe, áfach, beidh sé riachtanach sonraí a fháil ó thríú páirtithe inmheánacha, m.sh. bainisteoirí líne, nó ó thríú páirtithe seachtracha, m.sh. teistiméireachtaí ó fhostóirí roimhe seo, na Coimisinéirí Ioncaim srl. I gcás inarb ábhartha do chineál na hoibre, féadfaidh an eagraíocht iarratas a dhéanamh chuig Biúró Ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána le haghaidh imréiteach Garda d’fhostaí ionchasach.

Má sheolann tú ríomhphost chugainn nó má ghlaonn tú orainn ag baint úsáid as na sonraí teagmhála atá tugtha ar an suíomh seo, déanfar na sonraí pearsanta a sholáthraíonn tú a phróiseáil faoi mar atá leagtha amach inár  mBeartas Príobháideachais Teileachumarsáide. Coinneoimid na sonraí seo ar feadh na tréimhse ama a bheidh riachtanach le haghaidh próiseála agus ní úsáidfimid na sonraí ach amháin chun na críche ar ina leith a fuarthas iad.

Úsáidimid soláthraí tríú páirtí (Logeolaire an Phoist DAC) chun do sheoladh a thiontú ina chomhordanáidí geografacha. Úsáidtear an fhaisnéis seo ansin go hinmheánach chun láithreacha iarratasóirí a mhapáil chun críoch agallaimh. Ní choinníonn aon soláthraí tríú páirtí aon fhaisnéis a bhaineann le do sheoladh seachas sonraí staitistiúla (m.sh. cé mhéad éirchód, seoltaí, srl.) ach ní an seoladh éirchóid iarbhír.

Conas a úsáidfear mo chuid faisnéise?

Úsáidfear an fhaisnéis a bhailímid chun críoch bainistíochta agus riaracháin. Coinnímid agus úsáidimid é chun go mbeimid in ann ár ngnó a reáchtáil, ár gcaidrimh iarratasóirí/fostaíochta a bhainistiú go héifeachtach, go dleathach agus go hiomcuí agus cearta agus leasanna ár n-iarratasóirí/bhfostaithe a chosaint. Áirítear leis sin faisnéis iarratasóra/fostaí a úsáid chun go mbeimid in ann an próiseas iarratais agus an conradh fostaíochta a bhainistiú, oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh, tabhairt faoinár leasanna dlisteanacha agus ár seasamh dlíthiúil a chosaint i gcás imeachtaí dlíthiúla i gcoinne na heagraíochta.

Cé a fhaigheann faisnéis faoi fhostaithe lasmuigh den eagraíocht?

Féadfar faisnéis fostaithe a nochtadh do thríú páirtithe i gcás ina bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orainn déanamh amhlaidh nó i gcás ina gceanglaíonn nó ina gceadaíonn ár gconradh fostaíochta dúinn déanamh amhlaidh (mar shampla, Seirbhísí Comhroinnte Párolla).

An bhfuil aistrithe chuig tríú tíortha ann agus más ann dóibh, cad iad na cosaintí atá i bhfeidhm?

Ní aistreofar faisnéis iarratasóra/fostaí thar lear.

Cad a tharlaíonn mura gcuireann iarratasóirí/fostaithe an fhaisnéis riachtanach ar fáil dúinn?

I gcásanna áirithe, féadfaidh iarratasóirí/fostaithe diúltú sonraí pearsanta áirithe a sholáthar dúinn. Mar sin féin, má chreidimid go bhfuil faisnéis ábhartha ag teastáil uainn chun ár gcaidrimh iarratasóirí/fostaíochta a bhainistiú go héifeachtúil agus mar is ceart, b’fhéidir nach mbeimis in ann leanúint lenár gcaidreamh le hiarratasóirí/fostaithe a dhiúltaíonn na sonraí pearsanta sin a sholáthar dúinn.

An úsáideann an Phríomh-Oifig Staidrimh próifíliú nó cinnteoireacht uathoibrithe?

Ní úsáidfear aon sonraí iarratasóirí/fostaithe earcaíochta daonáirimh chun críche cinnteoireachta uathoibrithe nó próifílithe.

Cad iad mo chearta faoin dlí um chosaint sonraí?

Tá na cearta seo a leanas ag iarratasóirí/fostaithe faoin dlí um chosaint sonraí, cé go bhféadfadh coinníollacha áirithe a bheith i gceist le feidhmiú na gceart seo:

  • An ceart cóip a fháil de na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn fút féin agus/nó rochtain a fháil orthu, mar aon le faisnéis eile faoinár bpróiseáil ar na sonraí pearsanta sin.
  • An ceart a iarraidh go ndéanfar aon sonraí pearsanta míchruinne atá againn a cheartú, nó a iarraidh go ndéanfaimid an fhaisnéis a nuashonrú, má tá sí neamhiomlán, sa chaoi is go mbeidh sí iomlán.. 
  • An ceart, i gcúinsí áirithe, a iarraidh go scriosfar sonraí pearsanta.
  • An ceart, i gcúinsí áirithe, a iarraidh nach bpróiseálfaimid sonraí pearsanta a thuilleadh ar an mbealach a bpróiseálaimid iad.
  • An ceart, i gcúinsí áirithe, sonraí pearsanta a aistriú chuig eagraíocht eile.
  • An ceart chun cur i gcoinne cinnteoireacht uathoibrithe agus/nó próifíliú agus
  • An ceart gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir Cosanta Sonraí.

Tuilleadh eolais nó Gearáin

Má bhíonn aon cheist agat maidir leis an bhfógra cosanta sonraí seo, nó má bhíonn aon cheist agat maidir le conas a phróiseáiltear do shonraí, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí – dpo@cso.ie

Athbhreithniú 

Déanfar athbhreithniú ar an bhfógra cosanta sonraí seo ó am go ham chun athruithe sa dlí a chur san áireamh