Táimid ag earcú do Dhaonáireamh 2027

Tá an comórtas do Mhaoirseoirí Allamuigh Daonáirimh dúnta anois.

Ar mhaith leat a bheith páirteach i bhfoireann Dhaonáireamh 2027?

Mar Mhaoirseoir Allamuigh Daonáirimh, beidh tú i gceannas ar fhoireann do 4-12 Oifigeach Tacaíochta Daonáirimh chun daonáireamh rathúil a reáchtáil i do cheantar. Conradh sealadach, 5 mhí atá i gceist, ó mhí Eanáir go Meitheamh 2027. An ráta pá ná €743.64 sa tseachtain. Obair ar leith agus tairbheach é seo agus is deis é a bheith páirteach i ndaonáireamh a bheidh stair ar leith ag baint leis mar gheall ar é a bheith ar líne don chéad uair.

Breis eolais faoin Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh

Beidh comórtas earcaíochta eile ar oscailt ón 23 Samhain 2026 i gcomhair 3,800 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh.

Beidh an chéad daonáireamh eile in Éirinn ar siúl idir Aibreán agus Bealtaine 2027. Den chéad uair, beidh rogha ag daoine an fhoirm a líonadh ar líne nó ar pháipéar. Beidh tréimhse 5 seachtaine ann inar féidir an fhoirm a chomhlíonadh, go dtí an 09 Bealtaine 2027.

Reáchtáiltear daonáireamh gach 5 bliana in Éirinn. Tá na sonraí ón daonáireamh riachtanach i bpleanáil na seirbhísí atá ag teastáil inár bpobail áitiúla; scoileanna, cúrsaí sláinte, iompar agus eile san áireamh.

Dátaí don dialann

Tá trí earcaíocht dhifriúla á reáchtáil in 2026.

6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh – Dúnta
46 Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh – Dúnta
466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh – Dúnta
3,800 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh – 23 Samhain 2026

Oifigigh Thacaíochta Allamuigh Daonáirimh.

Osclófar an earcaíocht le haghaidh 3,800 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh (áiritheoirí roimhe seo) ar 23 Samhain 2026. Beidh siad lonnaithe ina gceantair áitiúla ar fud na tíre. Obair shealadach ar chonradh ocht seachtaine a bheidh ann ón 05 Aibreán go dtí an 28 Bealtaine 2027.