Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh

Post atá tábhachtach!

Is ball lárnach an tOifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh (ar a dtugtaí Áiritheoir Daonáirimh roimhe seo) d’fhoireann allamuigh Dhaonáireamh 2027. Mar Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh, beidh tú ag obair i do cheantar áitiúil féin nó gar do do cheantar áitiúil féin. Beidh tú ag tabhairt cuairt ar árais chónaithe idir an 5 Aibreán agus an 9 Bealtaine chun daoine a chur ar an eolas faoi Dhaonáireamh 2027 agus chun cúnamh agus tacaíocht a thairiscint dóibh. Tar éis an 9 Bealtaine, rachaidh tú i dteagmháil leis na hárais chónaithe i do cheantar nach bhfuil an fhoirm dhaonáirimh líonta amach acu.

B’fhéidir go n-iarrfaí ort dul i dteagmháil le grúpaí áitiúla i do cheantar chun cúnamh a thabhairt dóibh tuiscint a fháil ar an daonáireamh, agus ar an méid nach mór dóibh a dhéanamh leis na foirmeacha daonáirimh a líonadh amach.

Ní mór duit a bheith aclaí ós rud é go mbeidh tú freagrach as suas le 450-850 áras cónaithe. I gcásanna áirithe seans go mbeidh ort cúpla cuairt eile a thabhairt ar árais chónaithe chun a chinntiú go bhfuil an sealbhóir tí ar an eolas faoin daonáireamh agus go bhfuil tacaíocht acu chun bheith páirteach ann.  

Cuirfear fón póca ar fáil ar a mbeidh aip allamuigh daonáirimh ina mbeidh léarscáil de do cheantar agus liosta de na hárais chónaithe a mbeidh cuairt le tabhairt agat orthu.  Déanfaidh tú do chuid cuairteanna agus mionsonraí eile a thaifeadadh ar an aip fóin. Má líonann líon tí an fhoirm dhaonáirimh amach ar líne, glanfar de do liosta cuairteanna go huathoibríoch é.  

Beidh tú ag tuairisciú do Mhaoirseoir Allamuigh Daonáirimh a bheidh i mbun bainistithe ar fhoireann oifigigh tacaíochta allamuigh daonáirimh. Cuirfear oiliúint ar fáil agus beidh teagmháil agus tacaíocht rialta ar fáil chun cúnamh a thabhairt duit sa ról.

Beidh Daonáireamh 2027 ar siúl idir an 5 Aibreán agus an 9 Bealtaine 2027. Beidh rogha ag daoine den chéad uair riamh an fhoirm dhaonáirimh a líonadh amach ar líne nó ar pháipéar. Beidh tréimhse cúig seachtaine (an 5 Aibreán go dtí an 9 Bealtaine), ní oíche an daonáireamh amháin, ag daoine na foirmeacha daonáirimh a líonadh amach. Beidh thart ar 3,850 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh ag obair ar Dhaonáireamh 2027 i ngach cearn den tír. Is post 18 n-uaire an chloig in aghaidh na seachtaine post an Oifigigh Tacaíochta Allamuigh (um thráthnóna agus ag an deireadh seachtaine den chuid is mó) agus is conradh ocht seachtaine ón 5 Aibreán go 28 Bealtaine atá i gceist. Beidh an ráta pá don tréimhse iomlán os cionn €3,000 móide liúntas. Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 18 mbliana d’aois.  

Beifear ábalta iarratas a dhéanamh ar phost mar Oifigeach Tacaíochta Allamuigh ón 23 Samhain 2026. Is é 2pm Dé hAoine an 4 Nollaig an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Moltar iarratas a dhéanamh go luath áfach mar go ndúnfar an comórtas seo nuair a bheidh 12,000 iarratas faighte. Déanfar iarratais a ghearrliostú, agus tabharfar cuireadh chun agallamh do na hiarratasóirí atá ar an ngearrliosta.

Eagraítear an Fhoireann Allamuigh Daonáirimh mar a leanas:  

6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh
46 Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh
466 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh
3,850 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh

Tuilleadh eolais maidir le ról an Oifigigh Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh