Ráiteas Inrochtaineachta

Aithníonn an Phríomh-Oifig Staidrimh gur tábhachtach a chinntiú go bhfuil ár suíomh gréasáin inrochtana do gach éinne. Táimid tiomanta d’inrochtaineacht ár suímh gréasáin a fheabhsú agus ár n-ábhar a chur ar fáil don lucht féachana is leithne is féidir, lena n-áirítear iad siúd a úsáideann teicneolaíochtaí cúnaimh. Bímid i gcónaí ag obair chun feabhas a chur ar eispéireas úsáideoirí ár suímh gréasáin do chách, agus chun struchtúr, ábhar agus nascleanúint ár suímh gréasáin a fheabhsú chun go gcomhlíonfaidh sé níos fearr na caighdeáin inrochtaineachta is infheidhme.

Stádas comhlíonta

Dearadh an suíomh seo de réir Treoirlínte maidir le hinrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 leibhéal AA.

Aiseolas agus cúnamh

Fáiltíonn an Phríomh-Oifig Staidrimh roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht ár suímh gréasáin. Cuir ar an eolas muid má bhíonn aon deacrachtaí inrochtaineachta agat ar mhaith leat go ndéanfaimis athbhreithniú orthu.

Teil:  +353 (0)1 8951413

R-phost: censuspublicity@cso.ie

Bearta chun tacú le hinrochtaineacht

Glacann an Phríomh-Oifig Staidrimh na bearta seo a leanas chun inrochtaineacht ár suíomhanna gréasáin a chinntiú:

  • Inrochtaineacht a chuimsiú inár mbeartais inmheánacha
  • Inrochtaineacht a chomhtháthú inár gcleachtais soláthair
  • Spriocanna agus freagrachtaí soiléire inrochtaineachta a shannadh.

Ábhar neamh-inrochtana

  • Níl téacs oiriúnach eile ag roinnt íomhánna
  • Níl roinnt íomhánna saor ó théacs.
  • Roinnt leaganacha PDF (Formáid Doiciméad Iniompartha). Mura bhfuil tú in ann teacht ar an bhfaisnéis in aon doiciméad PDF, déan teagmháil linn chun cúnamh a fháil.

Gearáin Fhoirmiúla

Mura bhfuil tú sásta le freagra na Príomh-Oifige Staidrimh, is féidir leat gearán a dhéanamh faoin Acht um Stádas Comhionann, nó faoin Acht um Míchumas, nó faoin dá Acht.Mura bhfuil tú sásta le freagra na Príomh-Oifige Staidrimh, is féidir leat gearán a dhéanamh faoin Acht um Stádas Comhionann, nó faoin Acht um Míchumas, nó faoin dá Acht.

Tá comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoin Acht um Míchumas ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Ombudsman.

Tá comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoin Acht um Stádas Comhionann le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ullmhú an Ráitis Inrochtaineachta seo

Rinne soláthraí seirbhíse tástála inrochtaineachta neamhspleách an Tástáil Inrochtaineachta.

Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh faoi réir monatóireacht ón Údarás Náisiúnta Míchumais faoi Rialacháin (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí) an Aontais Eorpaigh, 2020. Táimid tiomanta d’inrochtaineacht ár suímh gréasáin a fheabhsú agus a chinntiú go bhfuil eolas ar fáil do gach duine.

Uasdátaíodh an ráiteas seo go deireanach ar an 30 Márta 2026