Mar Mhaoirseoir Réigiúnach Daonáirimh, sannfar ceann de na 46 réigiún daonáirimh atá sa tír duit agus beidh tú freagrach as an daonáireamh a reáchtáil go rathúil sa réigiún sin. Beidh tú i gceannas ar fhoireann de 10-13 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh (a mbeidh foireann Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh acu féin) agus déanfaidh tú maoirseacht ghéar ar an dul chun cinn i ngach limistéar allamuigh. Déanfar an ról seo faoi threoir d’Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh.
I measc na nDualgas, áireofar:
- Foireann Maoirseoirí Allamuigh Daonáirimh a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn.
- Eolas a chur ar roinnt córais TF, lena n-áirítear córas an Daonáirimh do Bhainistíocht ar Chaidreamh le Custaiméirí.
- Daoine a earcú, oiliúint a chur orthu agus ceannaireacht éifeachtach a léiriú do Mhaoirseoirí Allamuigh agus d’Áiritheoirí.
- Rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí oibre allamuigh a shainaithint agus a bhainistiú.
- Plean áirimh an daonáirimh a chur i bhfeidhm le haghaidh an réigiúin shannta i gcomhréir le treoracha bhainistíocht an daonáirimh.
- Réimse freagrachtaí acmhainní daonna a láimhseáil i rith thréimhse an daonáirimh.
- Agallaimh fágála a thabhairt agus foirmeacha measúnaithe foirne a chomhlánú nuair is gá.
- Pleanáil agus tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh rannpháirtíochta agus for-rochtana pobail chun rannpháirteachas sa daonáireamh a chur chun cinn.
- Freastal ar iarratais na meán áitiúil de réir mar a cheadaíonn Ceanncheathrú an Daonáirimh iad.
Riachtanais ardleibhéil
Ní mór d’iarrthóirí, laistigh de na deich mbliana is deireanaí, trí bliana ar a laghad de thaithí phraiticiúil a bheith acu in dhá cheann nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
- Bainistíocht ar leibhéal sinsearach, ag freagairt go díreach do Phríomhfheidhmeannach nó don fhoireann bainistíochta sinsearí laistigh d’eagraíocht mhór.
- Maoirseacht a dhéanamh ar fhoireann, go hidéalach i dtimpeallacht cianoibre nó oibre cumaisc, agus maoirseacht a dhéanamh ar eagrúchán oibre le haghaidh foirne de dheichniúr nó níos mó.
- Cláir oiliúna a dhearadh, a eagrú agus a reáchtáil.
Anuas orthu sin:
- A bheith inniúil ar ríomhaire agus ar phacáistí Microsoft, seirbhísí físchomhdhála, fóin chliste agus feidhmchláir.
- Ceadúnas tiomána reatha glan a bheith agat agus rochtain lánaimseartha ar ghluaisteán a bheith agat ar feadh thréimhse an chonartha.
- Na riachtanais saoránachta agus riachtanais eile a chomhlíonadh mar a leagtar amach sa leabhrán d’iarthóirí.