Tá Limistéar Idirchaidrimh Daonáirimh roinnte ina sé limistéar ar leith sa tír. Mar Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh, beidh tú freagrach as Daonáireamh 2027 a reachtáil go rathúil sa cheantar a shannfar duit. Beidh tú i gceannas ar fhoireann de 6-8 Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh a mbeidh limistéar réigiúnach ag gach duine acu laistigh de do limistéar foriomlán. Feidhmeoidh tú mar nasc ríthábhachtach idir Foireann Cheanncheathrú an Daonáirimh i Sord agus oibríocht allamuigh an daonáirimh. Áireofar leis sin dlúthmhonatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le foirmeacha daonáirimh a fháil ar ais, treoir a chuir ar fáil, treoracha a chur ar aghaidh ón gceanncheathrú chuig foirne allamuigh, agus saincheisteanna oibríochtúla laethúla a réiteach.
I measc na Dualgais, áireofar:
- Oibríochtaí allamuigh a bhainistiú agus a chomhordú chun clúdach iomlán agus éifeachtach a chinntiú ar réigiúin shannta.
- Ceannaireacht, treoir agus tacaíocht leanúnach a chur ar fáil d’fhoireann Maoirseoirí Réigiúnacha.
- Rioscaí a bhaineann le hoibríochtaí oibre allamuigh a shainaithint agus a bhainistiú.
- Eolas a chur ar chórais TF ábhartha, lena n-áirítear ardán an Daonáirimh do bhainistíocht ar chaidreamh le custaiméirí.
- Tacaíocht a thabhairt do Cheanncheathrú an Daonáirimh maidir le hearcú Maoirseoirí Allamuigh agus Oifigeach Tacaíochta Allamuigh.
- Earcaíocht, oiliúint agus maoirseacht ar fhoireann mhór shealadach a stiúradh
- Athbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar thuarascálacha allamuigh chun treochtaí, saincheisteanna maidir le dul chun cinn nó neamhréireanna a aithint.
- Réimse freagrachtaí acmhainní daonna a láimhseáil i rith thréimhse an daonáirimh.
- Agallaimh fágála a thabhairt agus foirmeacha measúnaithe foirne a chomhlánú nuair is gá.
- Pleanáil agus tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh rannpháirtíochta agus for-rochtana pobail chun rannpháirteachas sa daonáireamh a chur chun cinn.
Riachtanais ardleibhéil
Ní mór d’iarrthóirí, laistigh de na deich mbliana is deireanaí, trí bliana ar a laghad de thaithí phraiticiúil a bheith acu in dhá cheann nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
- Bainistíocht ar leibhéal sinsearach, ag freagairt go díreach do Phríomhfheidhmeannach nó don fhoireann bainistíochta sinsearaí laistigh d’eagraíocht mhór.
- Maoirseacht a dhéanamh ar fhoireann, go hidéalach i dtimpeallacht cianoibre nó oibre cumaisc, agus maoirseacht a dhéanamh ar eagrúchán oibre d’fhoirne de dheichniúr nó níos mó.
- Cláir oiliúna a dhearadh, a eagrú agus a reáchtáil.
Anuas orthu sin:
- A bheith inniúil ar ríomhaire agus ar phacáistí Microsoft, seirbhísí físchomhdhála, fóin chliste agus feidhmchláir.
- Ceadúnas tiomána reatha glan a bheith agat agus rochtain lánaimseartha ar ghluaisteán a bheith agat ar feadh thréimhse an chonartha.
- Na riachtanais saoránachta agus riachtanais eile a chomhlíonadh mar a leagtar amach sa leabhrán d’iarthóirí.