Beidh an chéad daonáireamh eile in Éirinn ar siúl idir Aibreán agus Bealtaine 2027. Den chéad uair, beidh rogha ag daoine an fhoirm a líonadh ar líne nó ar pháipéar. Earcófar Maoirseoirí Allamuigh Daonáireamh ar fud na tíre chun an chéad daonáireamh eile a reáchtáil. Tá 466 post le bheith ar fáil.
Earcófar fórsa mór pearsanra allamuigh shealadaigh do Dhaonáireamh 2027. Seo a leanas struchtúr an fhórsa allamuigh:
Mar Mhaoirseoir Allamuigh, déanfar limistéar allamuigh a shannú duit. Beidh tú faoi threoir Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh ag a mbeidh thart ar 10 Maoirseoir Allamuigh ar an bhfoireann acu. Beidh réigiúin ar leith an duine acu. I measc na gcúraimí a bheidh ort ar dtús ná na hiarratasóirí a chuir faoi agallamh agus oifigigh thacaíochta allamuigh a roghnú. Nuair atá an t-earcú seo críochnaithe, beidh tú freagrach as traenáil, maoirseacht agus tacaíocht a thabhairt do d’fhoireann de 9-12 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh. Leanfaidh tú treoracha Ceanncheathrú an Daonáirimh chun Daonáireamh 2027 a éascú. Beidh tú mar phointe teagmhála ag na hoifigigh thacaíochta allamuigh nuair atá tacaíocht uathu ag déileáil le ceisteanna nó ag cuidiú le deacrachtaí bainteach le cúrsaí allamuigh.
Beidh tú bunaithe sa bhaile. Beidh sé tábhachtach cruinnithe rialta a bheith agat le d’fhoireann. Uaireanta, beidh ort buaileadh chuig áitribh chun cuidiú le d’oifigigh thacaíochta allamuigh ina gcuid oibre, sa chás, mar shampla, go bhfuil an sealbhóir tí ag diúltú páirt a ghlacadh sa daonáireamh. Beidh sé riachtanach rátaí freagartha daonáirimh a rianú go leanúnach sa limistéar allamuigh a sannaíodh duit i rith tréimhse ghníomhach an daonáirimh. Beidh tú freagrach as tuairiscí ar dhul chun cinn, cumarsáid a dhéanamh le do mhaoirseoir réigiúnach maidir le dúshláin agus deacrachtaí, agus aghaidh a thabhairt orthu le cabhair do mhaoirseoir réigiúnach/oifigeach tacaíochta allamuigh.
Beidh ról lárnach agat ag casadh agus ag obair le grúpaí áitiúla agus grúpaí pobail chun cúnamh a fháil uathu ag cur Daonáireamh 2027 chun cinn agus ag spreagadh rannpháirtíochta.
Glacfar le hiarratas don ról mar Mhaoirseoir Allamuigh Dhaonáireamh 2027 ón 07 Meán Fómhair agus dúnfar an comórtas ag 2pm an 18 Meán Fómhair.
Cuirfear na hiarratais ar ghearrliosta a luaithe a dhúnfar an comórtas, agus tabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh siúd ar an ngearrliosta.
An ráta pá ná €743.64 sa tseachtain. Is tréimhse 20 seachtaine an conradh, ón 18 Eanáir go dtí an 11 Meitheamh 2027.
Tuilleadh eolais faoi ról an Mhaoirseora Allamuigh Daonáirimh