An oirfeadh post mar Mhaoirseoir Allamuigh Daonáireamh domsa?

Don Daonáireamh, roinneann an CSO an tír i gceantair ina n-áirítear 466 limistéar allamuigh daonáirimh. Mar Mhaoirseoir Allamuigh Daonáirimh, beidh tú freagrach as an daonáireamh a reáchtáil go rathúil i gceann de na limistéir seo. 

Mar Mhaoirseoir Allamuigh Daonáirimh, beidh tú ag freagairt do Mhaoirseoir Réigiúnach Daonáirimh. Beidh tú mar bhainisteoir ar fhoireann de 9-12 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh, ag a mbeidh a limistéir oibre féin acu, laistigh den limistéar allamuigh daonáirimh atá agat. 

Ós rud é go mbeifear in ann an daonáireamh a dhéanamh ar líne den chéad uair, tacóidh tú féin agus d’fhoireann leis an dá mhodh bailithe — an modh digiteach agus an modh páipéarbhunaithe.

I measc na nDualgas, áireofar:

  • Earcaíocht, oiliúint agus maoirseacht ar fhoireann d’Oifigigh Tacaíochta Allamuigh
  • Oibríochtaí allamuigh an daonáirimh i do limistéar a bhainistiú, mar aon le haon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann
  • Eolas a chur ar chórais TF ábhartha, lena n-áirítear ardán an daonáirimh do bhainistíocht ar chaidreamh le custaiméirí. Cuirfear traenáil ar fáil
  • Monatóireacht agus tuairisciú ar rátaí freagartha i do limistéir
  • An daonáireamh a chur chun cinn go gníomhach i do limistéar trí rannpháirtíocht an phobail a chothú agus trí theagmháil a dhéanamh le grúpaí agus pobail áitiúla
  • Ag obair go neamhspleách ón mbaile
  • Torthaí a bhaint amach agus spriocanna laethúla/seachtainiúla a chomhlíonadh

Riachtanais ardleibhéil:

  • Trí bliana nó níos mó de thaithí ar fhoirne de naonúr ar a laghad a bhainistiú agus ar a gcuid oibre a eagrú
  • Taithí earcaíochta
  • Taithí ar chláir oiliúna a eagrú agus a reáchtáil
  • Líofacht i mBéarla labhartha agus scríofa
  • Eolas ar reachtaíocht chearta fostaíochta
  • Ceadúnas tiomána reatha glan a bheith agat agus rochtain lánaimseartha ar ghluaisteán a bheith agat ó mhí Eanáir go Meitheamh 2027
  • Seoladh cónaithe in Éirinn ag an dáta fostaíochta

An bhfuil tú:

  • inniúil ar ríomhaire agus ar phacáistí Microsoft, seirbhísí físchomhdhála, fóin chliste agus feidhmchláir
  • In ann spriocanna feidhmíochta sainithe a bhaint amach
  • In ann rannpháirtíocht sa daonáireamh a chur chun cinn trí obair for-rochtana a dhéanamh le grúpaí agus pobail áitiúla i do limistéar allamuigh
  • Ar fáil go lánaimseartha do thréimhse an chonartha
  • In ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge go proifisiúnta nó go neamhfhoirmeálta (go háirithe i gceantair Ghaeltachta, ach úsáideach i gceantair eile chomh maith)
  • Na riachtanais saoránachta a chomhlíonadh
  • In ann an t-ábhar agus an trealamh daonáirimh ar fad a bhaineann le do limistéar allamuigh a stóráil go slán agus faoi rún i do theach