Earcófar fórsa mór pearsanra allamuigh shealadaigh chun reáchtáil Dhaonáireamh 2027 a éascú. Roinnfear an tír ina 46 réigiún ainmnithe. Tá idir 8 agus 13 limistéar allamuigh i ngach réigiún. Seo a leanas struchtúr an fhórsa allamuigh:
Mar Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh, déanfaidh tú seachtar/ochtar Maoirseoirí Réigiúnacha a bhainistiú agus beidh tú freagrach as Daonáireamh 2027 a reáchtáil go rathúil sa limistéar a shannfar duit. Feidhmeoidh tú mar nasc ríthábhachtach idir Ceanncheathrú an Daonáirimh i mBaile Átha Cliath agus oibríocht allamuigh an daonáirimh.
Beidh an ráta pá cothrom le €59,435 in aghaidh na bliana. Mairfidh an conradh ón 21 Meán Fómhair 2026 go dtí an 23 Meitheamh 2027. (Dá bhrí sin, beidh an pá ar bhonn pro-rata). Beidh tú lonnaithe in oifig cheanncheathrú an daonáirimh i Sord, Co. Bhaile Átha Cliath ar feadh thréimhse do chonartha. D’fhéadfadh obair chumaisc a bheith ar fáil faoi réir riachtanais na heagraíochta.
Tá aon chomórtas earcaíochta amháin ann le haghaidh na ról mar Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh agus Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh araon. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar cheachtar ról nó ar an dá ról. Cuirfear na hiarratais ar ghearrliosta a luaithe a dhúnfar an comórtas, agus tabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh siúd ar an ngearrliosta. Cuirfear iad siúd a n-éiríonn leo san agallamh ar phainéal. Ceapfar an seisear agallaithe a bhainfidh na torthaí is airde amach (a chuir isteach ar an dá ról) mar Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh, agus laistigh de réigiúin gheografacha, ceapfar an chéad 46 iarrthóir eile in ord fiúntais mar Mhaoirseoirí Réigiúnacha Daonáirimh.
Tuilleadh eolais faoi ról an Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh.