Eolas Faoin Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh

Earcófar fórsa mór pearsanra allamuigh shealadaigh chun reáchtáil Dhaonáireamh 2027 a éascú.  Roinnfear an tír ina 46 réigiún ainmnithe.  Tá idir 8 agus 13 limistéar allamuigh i ngach réigiún. Seo a leanas struchtúr an fhórsa allamuigh:

6 Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh
46 Maoirseoir Réigiúnach
466 Maoirseoir Allamuigh
3,800 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh

Mar Mhaoirseoir Réigiúnach Daonáirimh, beidh tú ag freagairt do d’Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh agus beidh tú freagrach as Daonáireamh 2027 a reáchtáil go rathúil sa réigiún a shannfar duit. Áireofar leis sin foireann de 10-13 Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh a bhainistiú.

Beidh an ráta pá cothrom le €38,419 in aghaidh na bliana. Mairfidh an conradh ón 19 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 18 Meitheamh 2027 (dá bhrí sin, beidh an pá ar bhonn pro-rata).

Beifear ag súil go n-oibreoidh tú ón mbaile.

Tá aon chomórtas earcaíochta amháin ann le haghaidh na ról mar Oifigeach Idirchaidrimh Daonáirimh agus Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh araon. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar cheachtar ról nó ar an dá ról. Cuirfear na hiarratais ar ghearrliosta a luaithe a dhúnfar an comórtas, agus tabharfar cuireadh chun agallaimh dóibh siúd ar an ngearrliosta. Cuirfear iad siúd a n-éiríonn leo san agallamh ar phainéal. Ceapfar an seisear agallaithe a bhainfidh na torthaí is airde amach (a chuir isteach ar an dá ról) mar Oifigigh Idirchaidrimh Daonáirimh, agus laistigh de réigiúin gheografacha, ceapfar an chéad 46 iarrthóir eile in ord fiúntais mar Mhaoirseoirí Réigiúnacha Daonáirimh.

Tuilleadh eolais faoi ról an Mhaoirseora Réigiúnaigh Daonáirimh.